Foilsithe ar 

Is Féidir Iarratais a Dhéanamh Anois ar Chlár ar fiú €40M é do Shaoráidí agus Trealamh Spóirt Níos Fearr

Is Féidir Iarratais a Dhéanamh Anois ar Chlár ar fiú €40M é do Shaoráidí agus Trealamh Spóirt Níos Fearr

 

Tá sé fógartha ag an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, T.D, agus ag an Aire Stáit don Spórt agus don Ghaeltacht, Jack Chambers, T.D., go bhfuil an Roinn ag glacadh le hiarratais ón lá inniu (an 11 Nollaig) ar aghaidh faoin mbabhta nua den Chlár Caipitil Spóirt agus Trealaimh.

 

Dúirt an tAire Martin: "Tá an-áthas orm go bhfuil an maoiniú seo á chur ar fáil. Tá ríthábhacht ag baint leis an gClár Caipitil Spóirt agus Trealaimh i dtaobh na saoráidí spóirt agus áineasa atá de dhíth a chur ar fáil chun go mbeidh an méid daoine agus is féidir ábalta páirt a ghlacadh sa spórt. Mholfainn d'eagraíochtaí ar fad a bhfuil tionscadal oiriúnach acu iarratas a dhéanamh."

 

Is é an 12 Feabhra an dáta deiridh le hiarratas a sheoladh ar aghaidh agus is é an 1 Feabhra an dáta deiridh a mbeidh cumainn ábalta clárú ar chóras iarratais ar líne na Roinne. 

 

Mhol an tAire Stáit Jack Chambers T.D., d'iarratasóirí gan an próiseas iarratais a fhágáil go dtí an nóiméad deiridh. "Tá an spéis mhór atá ag daoine sa Chár Caipitil Spóirt agus Trealaimh ar fud na réimsí éagsúla spóirt imithe i gcion go mór orm ó ceapadh mé. Bhain tuairim is 50 spórt ar leith tairbhe as maoiniú sa bhabhta deiridh den Chlár agus táim cinnte go mbeidh réimse leathan de chumainn spóirt ag déanamh iarratais arís ó ar fud na tíre.

 

"Cé go bhfuil go dtí an 12 Feabhra ag iarratasóirí a n-iarratas a sheoladh ar aghaidh, mholfainn dóibh gan é a fhágáil go dtí an nóiméad deiridh. Deis mhaith í aimsir na Nollag romhainn do chumainn clárú ar www.sportscapitalprogramme.ie, eolas a chur ar an treoir agus tabhairt faoi aon réamhobair eile sula seolann siad a n-iarratas ar aghaidh go foirmiúil”.

 

Is féidir treoir maidir le hiarratas a dhéanamh a fháil ar https://www.gov.ie/en/service/d13385-sports-capital-programme/#how-to-make-an-application   

 

Is féidir Ceisteanna a Chuirtear go Minic maidir leis an bpróiseas iarratais a fháil ar:  https://www.gov.ie/en/publication/5b878-sports-capital-programme-2020-faq-guide/