Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Foley pátrúnacht trí bhunscoil nua atá le bunú i 2021

 D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley TD, inniu, pátrúnacht na dtrí bhunscoil nua atá le bunú i 2021.

I ngach cás, ghlac an tAire le moltaí an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN).

Tá fógra an lae inniu mar chuid riachtanach de phleananna lena chinntiú go mbíonn dóthain áiteanna scoile nua ar fáil chun freastal ar an líon méadaitheach daltaí ag an leibhéal bunscoile sna blianta atá le teacht.

Tá na bunscoileanna nua á mbunú i mí Mheán Fómhair 2021 mar chuid de thiomantas an Rialtais infheistíocht mhór a dhéanamh san oideachas le 47 scoil nua le bunú idir 2019 agus 2022 chun freastal ar fhás déimeagrafach. Mar thoradh ar athbhreithniú nuashonraithe ar dhéimeagrafaic ag leibhéal na bunscoile, d’fhógair an tAire le déanaí go bhfuil faomhadh tugtha aici do roinnt athruithe ar liosta na mbunscoileanna atá le bunú i 2021, lena n-áirítear go mbunófar scoileanna, mar a bhí beartaithe, i limistéir phleanála scoile Dhomhnach Míde _Binn Eadair_Áth Cliath 13, Áth Cliath 2_Áth Cliath 4 agus An Naigín_Cill Iníon Léinín_DLR/Thuaidh.

 

Dúirt an tAire:

Bíonn rogha na dtuismitheoirí mar phríomhghné nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh faoi phátrúnacht scoileanna nua. Gabhaim buíochas le tuismitheoirí as ucht a roghanna a chur in iúl sa phróiseas pátrúnachta seo. Tá tuairimí na dtuismitheoirí mar a cuireadh in iúl iad tríd an bpróiseas léirithe sna cinntí a rinne mé ar phátrúnacht na dtrí scoil nua seo. Ó thaobh teanga de, tá áthas ar leith orm gur ainmníodh dhá cheann de na trí bhunscoil nua seo mar bhunscoileanna lán-Ghaeilge sular cuireadh an próiseas pátrúnachta ar bun, ag soláthar rogha trí mheán na Gaeilge do thuismitheoirí sna réimsí pleanála scoile seo nach raibh ar fáil cheana.

Cruthóidh na trí bhunscoil nua a bhunófar in 2021 líon suntasach áiteanna breise sna ceantair ar a mbeidh siad ag freastal. Is mar seo a leanas toradh an phróisis phátrúnachta:

Contae

Limistéar Pleanála Scoile

Pátrúnacht a Bronnadh

Teanga an Teagaisc

Átha Cliath

Domhnach Míde_Binn Eadair_D13

An Foras Pátrúnachta

Gaeilge*

Átha Cliath

Áth Cliath 2_Áth Cliath 4

An Foras Pátrúnachta

Gaeilge*

Átha Cliath

An Naigín_Cill Iníon Léinín_DLR/Thuaidh

Oideachas le Chéile

Béarla

*Ainmníodh an dá scoil seo mar scoileanna lán-Ghaeilge sular thosaigh an CPPL, de réir an chreata chun deiseanna breise a mhéadú don soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge ag an mbunleibhéal mar a fógraíodh i Meán Fómhair 2019.

 

Chuir an tAire a buíochas in iúl do bhaill an Ghrúpa um Bhunú Scoileanna Nua dá n-ionchur luachmhar a dheimhnigh próiseas oibiachtúil agus trédhearcach.

 

Nótaí d’Eagarthóirí

Tá na scoileanna go léir á mbunú chun freastal ar riachtanas déimeagrafach aitheanta.

Foilsítear na Tuarascálacha Measúnaithe mionsonraithe do gach ceann de na limistéir atá i gceist ar láithreán gréasáin na Roinne freisin.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo: https://www.education.ie/ga/Scoileanna-Coláistí/Eolas/Scoil-Nua-a-Bhunú/Scoil-Nua-a-Bhunú.html

 

Cad iad na bunscoileanna nua atá le bunú i 2021?

  • Domhnach Míde_Binn Eadair_D13
  • Áth Cliath 2_Áth Cliath 4
  • An Naigín_Cill Iníon Léinín_DLR/Thuaidh

 

Notaí faoi Iarchuir

D’fhógair an tAire Oideachais le déanaí go raibh faomhadh tugtha aici do roinnt athruithe ar liosta na mbunscoileanna a bhí le bunú i 2021, lena n-áirítear roinnt de na scoileanna seo a iarchur.

 

Eascraíonn na hiarchuir ó raon tosca, go príomha nár tharla forbairt chónaithe bhreise phleanáilte go fóill i bhforbairtí ón gCiste Gníomhachtaithe Tithíochta um Bonneagar Áitiúil (LIHAF) ag na leibhéil a rabhthas ag súil leo in 2018, agus/nó go bhfuil acmhainn sna scoileanna atá ann cheana sa limistéar/in aice leis an limistéar a mheastar leordhóthanach le freastal ar an éileamh déimeagrafach i 2021, agus dá bhrí sin nach gá do na scoileanna tosú i 2021.

 

Leanfar le pleanáil agus ullmhúchán na suíomh agus na bhfoirgneamh do na scoileanna seo i gcomhréir le soláthar na tithíochta sna ceantair atá i gceist.

 

An bhfuil suíomhanna faighte do na trí scoil nua seo atá le bunú i Meán Fómhair 2021?

Do gach ceann de na trí scoil, leanann an próiseas chun suíomhanna a aithint.

 

Cén chóiríocht ina ndéanfar na scoileanna nua a bhunú?

I gcás na scoileanna nua a fógraíodh, tá fócas na Roinne faoi láthair dírithe ar na scoileanna atá le bunú in 2021 ionas go gcuirtear réitigh chóiríochta i bhfeidhm chomh luath agus is féidir. Tá an Roinn agus a bainisteoir tionscadail i mbun athbhreithnithe faoi láthair ar na roghanna do chóiríocht eatramhach shealadach féideartha do na scoileanna. Tá sé i gceist go ndéanfar na scoileanna a bhunú i mí Mheán Fómhair 2021 a lonnú i gcóiríocht shealadach oiriúnach fad a bhítear ag feitheamh le foirgnimh bhuana do na scoileanna.

 

An Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua

Déanann an Grúpa um Bhunú Scoileanna Nua (GBSN) maoirseacht ar an bpróiseas pátrúnachta do scoileanna nua. Bunaíodh an Grúpa seo i 2011 chun comhairle a chur ar an Aire faoi phátrúnacht scoileanna nua nuair a bhíonn machnamh déanta ar thuairisc a bhíonn ullmhaithe ag an Roinn ar na hiarratais a bhíonn faighte. Ghlac an tAire Foley le moltaí an Ghrúpa i ngach cás a bhain leis na ceithre hiar-bhunscoil atá le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2021. 

Is iad baill an GBSN ná:

  • Joe Hamill (Cathaoirleach), Rúnaí Ginearálta ar scor na Roinne Ealaíona, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta;
  • An tOllamh Gerry Mac Ruairc,  Ceann, Scoil an Oideachais, Ollscoil Náisiúnta na hÉireann Gaillimh;
  • An tOllamh Sarah Moore, Ollamh Teagaisc agus Foghlama, Ollscoil Luimnigh.

 

Tá doiciméid ábhartha ar fáil ag an nasc seo a leanas: Scoil nua a bhunú leathanach gréasáin