Foilsithe ar 

Díospóireachtaí ar an nGaeilge ag barr chlár oibre an Rialtais do Sheachtain na Gaeilge

• An Taoiseach Micheál Martin chun ról stiúrtha a ghlacadh chun ceantair Ghaeltachta agus an Ghaeilge a cheiliúradh mar chuid de chomóradh coicíse.
• Príomh-Aoire an Rialtais Jack Chambers ag tabhairt tús áite do ráitis trí Ghaeilge sa Dáil agus sa Seanad chun Seachtain na Gaeilge 2021 a chomóradh.

Tá sé fógartha ag an Taoiseach Micheál Martin agus ag Príomh-Aoire an Rialtais Jack Chambers go mbeidh an Ghaeilge lárnach i ngnó an Rialtais chun comóradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge.

Bíonn Seachtain na Gaeilge, féile bhliantúil na Gaeilge, ar siúl ón 1 go dtí an 17 Márta agus tá sí ar cheann de na féilte idirnáisiúnta is mó a dhéanann teanga dúchais agus cultúr na hÉireann a cheiliúradh.

Tabharfar tús áite don Ghaeilge sa Dáil agus sa Seanad le linn Sheachtain na Gaeilge agus eagrófar díospóireachtaí speisialta i dTithe an Oireachtais i ndiaidh do Choiste Gnó na Dála moltaí an Rialtais a aontú.

Tá sé fógartha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Spórt, don Ghaeltacht & don Chosaint Jack Chambers go reáchtálfar díospóireacht Dála ar an nGaeilge an 3 Márta agus go reáchtálfar díospóireacht eile sa Seanad an tseachtain dár gcionn, an 10 Márta.

Is é an Taoiseach Micheál Martin a threoróidh an díospóireacht sa Dáil agus a dhéanfaidh gealltanais an Rialtais i leith na Gaeilge agus i leith phobail Ghaeltachta na tíre a chosaint agus a chur chun cinn a leagan amach.

Is iontach an ceiliúradh í Seachtain na Gaeilge ar theanga agus cultúr na hÉireann. Cé nach mbeidh ceiliúradh na bliana seo mar a chéile le blianta eile, táim ag súil go mór leis an ról ar leith agus an ról lárnach atá ag an nGaeilge i sochaí na tíre chomh maith le hobair an Rialtais sa réimse sin a phlé mar aon le díospóireacht a dhéanamh faoi le linn fhéile fhíorúil na bliana seo.

Tá Clár an Rialtais fíoruaillmhianach maidir leis na gealltanais a thugtar ann ceantair Ghaeltachta a chaomhnú agus a chosaint, lena chinntiú gurb iadsan croílár na teanga beo.

Tá an-dul chun cinn á dhéanamh againn i dtaobh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a thabhairt chun cinn chomh maith le spreagadh a thabhairt do phobail labhartha na Gaeilge taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta, mar aon le hardáin a fhorbairt chun rannpháirtíocht dhaoine óga leis an teanga a neartú tuilleadh. Tugtar deis iontach dúinn ar fad le linn Sheachtain na Gaeilge ár gcaidreamh leis an teanga a mheas agus táim cinnte go mbainfidh go leor daoine, anseo sa bhaile agus thar lear araon, sult as imeachtaí na bliana seo.

Dúirt Príomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit don Ghaeltacht Jack Chambers gur tábhachtach an comóradh í Seachtain na Gaeilge ar an teanga do chainteoirí líofa agus dóibh sin atá ag déanamh a ndícheall a gcumas labhartha a fheabhsú, agus tugtar deis le linn na seachtaine cultúr agus oidhreacht na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain.

Tá ríméad orm a bheith páirteach i Seachtain na Gaeilge i mo cháil mar Aire ar a bhfuil freagracht as an nGaeltacht. Tá sraith iontach d'imeachtaí ar líne pleanáilte do Sheachtain na Gaeilge 2021 agus tá súil agam go nglacfaidh daoine, idir shean agus óg agus ó gach uile cúlra páirt iomlán iontu.

I mo Phríomh-Aoire, tá tús áite tugtha agam do ráitis ar an nGaeilge chun bheith ag teacht le Seachtain na Gaeilge agus bainfidh mé leas as an deis seo tosaíochtaí an Rialtais i dtaobh na Gaeltachta a phlé chomh maith leis an dul chun cinn ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) atáim a chur ar aghaidh chuig Tithe an Oireachtais a phlé.

Is píosa cinniúnach reachtaíochta í seo trína ndéanfar caidreamh an Stáit leis an teanga a athbhunú agus táim sásta go bhfuil Teachtaí Dála ar fud an tí chomh maith le heagraíochtaí Gaeilge ag tabhairt a gcuid tacaíochta ina leith.

Dúirt an tAire freisin:

Is léir go bhfuil meas ag an Rialtas ar an teanga agus go dtugann sé tosaíocht ina leith ó tharla an Taoiseach a bheith ag treorú na díospóireachta speisialta sa Dáil. I rith Sheachtain na Gaeilge, táim ag súil go mór a bheith i mbun rannpháirtíochta le réimse leathan éagsúil de ghrúpaí agus de pháirtithe leasmhara, pobail Ghaeltachta na tíre, cainteoirí líofa, daoine atá ag cur feabhas ar a gcumas teanga agus daoine nach bhfuil ach ag tosú ag foghlaim na teanga.