Published on 

Preasráiteas An tAire Stáit ag an Roinn Cosanta, An tAire Paul Kehoe TD, ag freastal ar Shearmanas Coimisiúnaithe an Airm don 89ú Rang Daltaí an Airm.

D’fhreastail an tAire Stáit sa Roinn Cosanta, an tUas. Paul Kehoe TD, ar Shearmanas Coimisiúnaithe Airm an 89ú Rang Daltaí an Airm inniu (Déardaoin 23 Eanáir 2014) in Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann i gCampa an Churraigh, Co. Chill Dara.

An Ceann Foirne, an Leifteanantghinearál Conor O’Boyle, a chuir fáilte roimh an Aire chuig an Campa.

 

Labhair an tAire leis an 21 oifigeach nuachoimisiúnaithe sna Buan-Óglaigh agus dúirt “Beidh sé de dhualgas oraibh ceannaireacht agus treoir a thabhairt do dhaoine eile agus níl amhras orm ach go ndéanfaidh sibh sin go paiteanta. Mar oifigigh Óglaigh na hÉireann, tá gairm thar a bheith dúshlánach agus éilitheach; ach ceann atá thar a bheith fiúntach agus tairbheach freisin.” Mhol an tAire díograis agus tiomantas chomhaltaí Scoil na nDaltaí agus thug sé moladh freisin do theaghlaigh agus do chairde chomhaltaí an 89ú Rang Daltaí as an tacaíocht agus spreagadh ríthábhachtach a thug siad do na Daltaí.

 

Tá sé beartaithe ag an Rialtas go leanfar le hearcaíocht spriocdhírithe laistigh den sciar acmhainní arna leithdháileadh ar an Roinn Cosanta. Tá comórtas nua earcaíochta maidir le Seirbhís Ghinearálta beartaithe don chéad leath den bhliain seo. Breithneofar comórtas Daltaí in 2014 i gcomhthéacs riachtanais oibriúcháin na mBuan-Óglach.