Published on 

An chéad tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn PHLEAN GNÍOMHAÍOCHTA 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge seolta ag Aire Martin agus an tAire Stáit Chambers

Rinne Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit Spóirt agus Gaeltachta an chéad tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn PHLEAN GNÍOMHAÍOCHTA 2018-2022 don Ghaeilge don tréimhse Iúil 2018 go dtí Meitheamh 2019 a sheoladh inniu thar ceann an Rialtais.

Tagann foilsiú na tuairisce – a cuireadh faoi bhráid an Rialtais Dé Máirt seo caite – leis an ngealltanas a rinneadh nuair a seoladh an Plean Gníomhaíochta i mí an Mheithimh 2018 go bhfoilseofaí a leithéid de thuairisc go bliantúil, ar son na trédhearcachta agus na cuntasachta. Bhí i gceist an tuairisc a fhoilsiú ag tús na bliana ach cuireadh moill lena foilsiú mar gheall go príomha ar an bpaindéim.

Tugtar léargas inti ar an méid atá déanta ag an c. 60 páirtí leasmhar lena mbaineann feidhmiú an phlean gníomhaíochta agus na Straitéise foriomláine 20 Bliain, chun cúram a dhéanamh den c. 180 beart atá luaite ann thar an tréimhse ó Iúil 2018 go Meitheamh 2019.

I measc na mbuaicphointí a baineadh amach sa tréimhse thuairiscithe:

  • Thug an Roinn Oideachais agus Scileanna céimeanna móra chun tosaigh maidir le cur chun feidhme an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022
  • D’oscail Údarás na Gaeltachta ceithre mhol dhigiteacha i mBéal an Mhuirthead i gContae Mhaigh Eo, i nGaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall, ar an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe, mar aon le Mol Teic i gcomhar le gníomhaireachtaí eile i nDaingean Uí Chúis i gContae Chiarraí.
  • Ceapadh 9 Oifigeach Pleanála Teanga agus 3 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga le linn na tréimhse chun Pleananna Teanga a chur i bhfeidhm sna Limistéir Pleanála Teanga.
  • Tá breis agus 40,000 úsáideoir ar líne ag foghlaim Gaeilge i mbreis agus 130 tír ar an Ollchúrsa Oscailte ar Líne ‘Fáilte ar Líne’.
  • Leathnaíodh an Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh agus tá deiseanna á gcur ar fáil ann do chéimithe chun socrúcháin oibre a fháil i réimsí an aistriúcháin agus an léimh profaí.
  • Rinneadh na leaganacha Béarla agus Gaeilge de Rialacha na nUaschúirteanna a dhigitiú agus a ailíniú agus tá acmhainn luachmhar téarmaíochta dlíthiúla ar fáil anois ar www.gaois.ie. Ba iad an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta (mar a bhí) agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a sholáthair an tionscadal.
  • Ullmhaíodh liosta cothrom le dáta de na comhlachtaí poiblí faoi réir Acht na dTeangacha Oifigiúla, rud nach raibh déanta roimhe seo ó tháinig na Rialacháin deiridh i bhfeidhm in 2006. Tá na Rialacháin curtha isteach sa Leabhar Reachtanna anois agus tabharfar cothrom le dáta é gach dhá bhliain as seo amach.

Tugtar tuilleadh sonraí sa nóta don eagarthóir thíos.

Maidir le Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), foilsíodh é i mí na Nollaig 2019 agus pléadh é ag an dara céim sa Dáil inné. Tá sé geallta ag an Rialtas go mbeidh an Bille níos láidre agus achtaithe roimh dheireadh na bliana.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin bPlean Gníomhaíochta (PG5) agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (S20) ag an nasc a leanas: https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/an-straiteis-20-bliain-don-ghaeilge-2010-2030/

Dúirt an tAire Martin: “Is léir ón tuairisc seo atá á foilsiú inniu i gcomhréir le cinneadh an Rialtais, go bhfuil dul chun cinn suntasach á dhéanamh le feidhmiú an phlean agus dá réir le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge atá mar pholasaí an Stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is údar sásaimh agus misnigh é an oiread dul chun cinn atá déanta ag an mbreis agus 60 páirtí leasmhar atá freagrach as feidhmiú an phlean – idir ranna agus ghníomhaireachtaí Stáit, chomh maith le heagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta. De thoradh na hoibre sin tá dlús á chur le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge ar leas foriomlán na Gaeilge agus na Gaeltachta i ndeireadh báire. Ina theannta sin déantar rianú sa tuairisc ar cá háit is gá tuilleadh a dhéanamh. Ag croílár an scéil tá spiorad na meithle agus de thoradh fhoilsiú na tuairisce seo tá céim mhór chun tosaigh glactha a chinnteoidh go mbeidh cur chuige cuntasach i bhfeidhm feasta faoi cad atá ar bun agus beartaithe ag gach eagraíocht lena mbaineann cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta”.

Dúirt an tAire Stáit Chambers: “Fáiltím roimh an tuairisc seo. I measc na nithe is suntasaí a baineadh amach le linn thréimhse na tuairisce seo, cuireadh dlús le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga sna Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge. De thoradh na comhpháirtíochta agus na comhúinéireachta a bhaineann leis seo uile, is údar sásaimh é domsa mar Aire Stáit go bhfuil dul chun cinn suntasach le sonrú. Aithnítear sa phlean gurb ionann na bearta atá rianaithe ann agus bonnlíne agus go mbeifear ag faire amach i rith an ama ar na bealaí a mbeifear in ann cur tuilleadh lena bhfuil leagtha amach sa Phlean sa tréimhse atá amach romhainn de réir mar a thagann deiseanna agus acmhainní breise chun cinn”.

Tá sé i gceist go bhfoilseofar an dara tuairisc ar dhul chun cinn go luath in 2021, ina chuimseofar an tréimhse ó Iúil 2019 go dtí Nollaig 2020.