Cabhair

Comhaid Fuaime agus Físe

Má bhíonn fadhbanna agat ó thaobh na físeáin a fheiceáil nó míreanna fuaime a chur ar siúl, d’fhéadfadh fadbh a bheith le cumhraíocht do ríomhaire, le socrú slándála, nó b’fhéidir srianta a bheith ar chláir bhreiseáin a uasghrádú.

Chun féachaint ar na comhaid físe agus chun éisteacht le comhaid fuaime ar an suíomh seo ba chóir Adobe Flash Player (leagan 9 nó níos airde) a bheith suiteáilte agus ba chóir JavaScript a bheith cumasaithe i do bhrabhsálaí freisin.

Is féidir leat Adobe Flash Player a íoslódáil agus a shuiteáil ó láithreán gréasáin Adobe Flash Player . Tabhair ar aird le do thoil go gcaithfidh tú leaganacha roimhe seo de Flash Player a dhíshuiteáil roimh an suiteáil.

Is féidir cúnamh a fháil chun JavaScript a chumasú ó shuíomhanna na mbrabhsálaithe éagsúla a bhfuil naisc curtha ar fáil againn dóibh thíos:

Déantar físeáin ar an suíomh seo a óstáil ar YouTube agus is féidir féachaint orthu ar an suíomh sin nó ar www.YouTube.com. Má bhíonn deacrachtaí agat físeáin a chur ar siúl ar YouTube is féidir cúnamh a fháil tríd an nasc atá curtha ar fáil thíos a leanúint:

Leathanach tacaíochta YouTube

Cuirtear comhaid fuaime ar an suíomh seo ar fáil i bhformáid MP3. Chomh maith le bheith ag éisteacht le comhaid fuaime ar an suíomh seo is féidir leat comhaid MP3 a íoslódáil agus a chloisteáil trí sheinnteoir fuaime saor in aisce a úsáid ar nós:

Ag féachaint ar agus ag íoslódáil comhaid PDF

Tá Adobe Acrobat Reader de dhíth chun féachaint ar chomhaid i bhformáid doiciméad iniompartha (PDF) agus iad a phriontáil. Is féidir leat Adobe Reader a íoslódáil saor in aisce ó láithreán gréasáin Adobe .

Fothaí RSS

Tacaíonn formhór na mbrabhsálaithe gréasáin le RSS de ghnáth. Beidh léitheoir nó comhiomlánóir RSS de dhíth ar úsáideoirí brabhsálaithe roimhe seo, ar nós IE6, chun síntiúis a dhéanamh le RSS nó chun RSS a fháil. Bailíonn Léitheoir RSS aon fhotha a bhfuil síntiús agat leis agus taispeánann sé iad i do bhrabhsálaí ionas go mbeidh tú in ann féachaint orthu am ar bith is mian leat.

Is féidir léitheoirí RSS saor in aisce nó ar chostas íseal a fháil ó raon láithreán gréasáin, lena n-áirítear MSN Live agus Google.