Foilsithe ar 

An tAire Cosanta, an tUas. Simon Coveney, T.D. ag seoladh Comhthaispeántas UN60 de chuid Óglaigh na hÉireann agus an Gharda Síochána ag Ard-Mhúsaem na hÉireann

Inniu, sheol an tAire Cosanta, an tUas. Simon Coveney, T.D., in éineacht leis an Aire Stáit ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais, an tUas.  Aodhán Ó Ríordáin T.D., comhthaispeántas le hÓglaigh na hÉireann agus an Garda Síochána chun rannchuidiú an dá eagraíocht leis na Náisiúin Aontaithe a chomóradh, mar chuid de chlár imeachtaí chun 60 Bliain ar bhallraíocht na hÉireann sna Náisiúin Aontaithe a chomóradh.

Chuaigh Éire isteach sna Náisiúin Aontaithe i 1955. Ó shin i leith, tá Éire ina ball gníomhach de na NA agus tá rannchuidiú mór déanta aici leis an obair, go háirithe faoi chreat síochánaíochta na NA. Tá na Náisiúin Aontaithe ag ceiliúradh 70 bliain ar an bhfód i mbliana.

“UN Peacekeeping – A Celebration of Ireland’s Proud Engagement” teideal an taispeántais agus  léirítear ann rannchuidiú Óglaigh na hÉireann agus an Gharda Síochána leis na NA. 

Ag labhairt i rith an tseolta, dúirt an tAire Cosanta “Tá traidisiún bródúil rannpháirtíochta i misin síochánaíochta ag Éirinn, idir shibhialta agus mhíleata. Is cuid lárnach dár mbeartas síochánaíochta í cairt na NA.  Ó imscaradh an chéad dream síochánaíochta as Éirinn chun na Liobáine i 1958, tá fir agus mná as Óglaigh na hÉireann agus as an nGarda Síochána ag glacadh páirt sna misin le honóir agus le gradam. ..Cuireann a gcuid díograise agus seirbhíse go mór leis an gcáil iontach atá ar Éirinn mar bhall den phobal idirnáisiúnta agus mar thír a chuireann go mór le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta ar fud na cruinne.”
 
Dúirt an tAire Stáit ag an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais ag an seoladh “Mar náisiún is féidir linn, creidim, féachaint siar ar an 60 bliain seo caite le teann bróid as misneach, tiomantas agus gairmiúlacht ár lucht síochánaíochta agus, agus sinn ag breathnú amach romhainn ar an gcéad seasca bliain eile, níl aon dabht faoi go mbeidh an chastacht pholaitiúil roimh oibríochtaí síochánaíochta fós dúshlánach, ach táim muiníneach go leanfaidh an Garda Síochána agus Óglaigh na hÉireann ar aghaidh lena dtraidisiún bródúil sársheirbhíse ar mhaithe le síocháin ar domhan".

Thapaigh an bheirt Airí an deis ómós a léiriú do chomhaltaí reatha agus d'iarchomhaltaí Óglaigh na hÉireann agus an Gharda Síochána, as an ról tábhachtach a bhí acu i rannchuidiú na hÉireann le misin síochánaíochta thar lear.