Foilsithe ar 

Suíomh gréasáin i Maigh Eo ina shampla iontach de bhealach inar féidir le pobail bheith páirteach sna Cuimhneacháin Chéad Bliain - Mhic Unfraidh

Dúirt an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Mhic Unfraidh TD, inniu (Déardaoin) gur sampla iontach é an suíomh gréasáin nua atá forbartha ag Leabharlann agus Oifig Oidhreachta Mhaigh Eo de bhealach inar féidir le pobail áitiúla páirt a ghlacadh i nDeich mBliana na gCuimhneachán. Tá an tAire Mhic Unfraidh i Maigh Eo chun CentenaryMayo.ie a sheoladh, lena ndéantar Deich mBliana na gCuimhneachán (1913 go 1923) a chomóradh trí léargas a thabhairt ar an saol i Maigh Eo 100 bliain ó shin.

"Tá pobail ar fud na tíre ag glacadh páirte i nDeich mBliana na gCuimhneachán, agus ba mhaith liom leas a bhaint as an tacaíocht agus an tsuim seo agus muid ag forbairt pleananna le cuimhneachán 100 bliain Éirí Amach 1916 a chomóradh.

"Is bealach den scoth é an suíomh gréasáin Centenary Mayo do dhaoine áitiúla agus daoine i bhfad i gcéin araon iad féin a choinneáil ar an eolas maidir leis na hócáidí go léir a bheidh ar siúl ar fud an chontae. Agus, ar ndóigh, tugann sé léargas thar a bheith spéisiúil dúinn ar an saol i Maigh Eo 100 bliain ó shin.

"Ní raibh seachtain amháin féin ann ó tháinig mé i seilbh oifige nach ndearna grúpa áitiúil amháin ar a laghad comóradh a óstáil, acmhainn a fhoilsiú nó cruinniú nó ócáid a reáchtáil. Tá an t-ádh orm go n-iarrtar orm go rialta páirt a ghlacadh in ócáidí áitiúla agus pobail ar fud na hÉireann, i dTuaisceart Éireann agus thar lear. Thug na hócáidí sin dóchas an-mhór dom i ndáil leis na cuimhneacháin a bheidh ar siúl ar an bhliain seo chugainn agus, ar ndóigh, sa bhliain 2016.

"Bhain mórócáidí de chuid Dheich mBliana na gCuimhneachán a bhí ann go dtí seo tairbhe as suim mhór an phobail. Tuigimse go maith nach é mo phost-sa é léirmhíniú a thabhairt ar an stair, ach í a chomóradh mar a tharla sí. Agus is deis dúinn go léir iarracht a dhéanamh ócáidí a tharla 100 bliain ó shin a thuiscint, agus cuimhniú ar an méid a d'íobair gnáthdhaoine a bhí ar an saol le linn réanna urghnácha.

Tá súil agam go bhfaighidh gach duine a bhaineann úsáid as an suíomh gréasáin nua seo tuiscint níos fearr de réir a chéile ar ghné éigin de stair na linne. Ba mhaith liom gach duine a bhí bainteach le forbairt an tsuímh gréasáin seo a mholadh; iad siúd go léir i Leabharlann agus Oifig Oidhreachta Mhaigh Eo chomh maith leis na mic léinn dochtúireachta as OÉ Gaillimh a dhear an suíomh, ag léiriú dúinn conas is féidir beocht a chur san fhichiú céad le teicneolaíocht an aonú haois is fiche.

Nóta do na hEagarthóirí:

Tuilleadh eolais faoi CentenaryMayo.ie

Áirítear an méid seo a leanas ar an suíomh gréasáin: Réamhrá ginearálta faoin ré, líne ama ócáidí áirithe, beathaisnéisí phríomh-charachtair na linne i Maigh Eo, rogha íomhánna, léarscáil lena léirítear áiteanna inar tharla ócáidí le linn na tréimhse agus ina bhfuil séadchomharthaí nó plaiceanna comórtha, liosta de na daoine a cailleadh, alt agus íomhánna as nuachtáin na linne agus naisc chuig na príomhfhoinsí náisiúnta agus áitiúla ar an ábhar.

Tá roinnt daoine ón saol acadúil coimisiúnaithe ag Leabharlann agus Oifig Oidhreachta Mhaigh Eo le haistí a scríobh faoi chuid de na mórócáidí ar nós an Chéad Chogadh Domhanda, Cogadh na Saoirse agus saol sóisialta na ré sin. Tá an suíomh deartha ag mic léinn PhD as OÉ Gaillimh.