Foilsithe ar 

Deontas €33,042 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do CLG Thuar Mhic Éadaigh, Co Mhaigh Eo

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin inniu (Déardaoin) go bhfuil deontas suas le €33,042 ceadaithe aige do CLG Thuar Mhic Éadaigh, Co Mhaigh Eo chun cuidiú leo uasghrádú a dhéanamh ar urlár halla spóirt an cheantair.
Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit go raibh an-áthas air é a chur ar fáil. “Is iontach na háiseanna atá curtha ar fáil ag CLG Thuar Mhic Éadaigh do mhuintir an cheantair, idir óg agus aosta, anuas tríd na blianta le cúnamh na Roinne. Níl aon amhras ach go mbeidh an halla spóirt mar áis den scoth nuair a bheidh an obair críochnaithe.”

Is faoin réimse gnímh: an Ghaeltacht de chuid na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an deontas á cheadú.