Foilsithe ar 

Fógraíonn na hAirí Madigan agus Moran próiseas comhairliúcháin phoiblí ar Láithreán Oidhreachta Domhanda Sceilg Mhichíl

Inniu, sheol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, agus an tAire Stáit le freagracht as OOP, Kevin Boxer Moran TD, tréimhse chomhairliúcháin maidir le Plean Bainistíochta nua 10 mbliana don Láithreán Oidhreachta Domhanda Sceilg Mhichíl.
Cuirfear an Plean Bainistíochta nua 10 mbliana 2019-2029 in ionad an Phlean reatha a bhí i bhfeidhm ó 2008 agus a bhí dírithe ar an luach uilíoch den scoth, atá ag an láithreán, a chosaint agus a chaomhnú ionas go mbeadh sé inrochtana do phobail áitiúla agus do chuairteoirí chun taithí agus taitneamh a bhaint as a shaibhreas cultúrtha agus spioradálta. Is céim thábhachtach é an próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir leis an bPlean nua a fhorbairt, lena n-aithnítear an fhreagracht atá ag gach páirtí leasmhar maidir le hoibriú le chéile chun beartais a chur chun feidhme agus birt a sheachadadh.
Agus a bhí an próiseas comhairliúcháin phoiblí á fhógairt, labhair an tAire Madigan faoin tábhacht a bhaineann le héisteacht le tuairimí an phobail agus díobh siúd a bhfuil suim acu sa suíomh: “ As ár séadchomharthaí seandálaíochta iontacha uile, tá Sceilg Mhichíl ag an leibhéal is airde i dtéarmaí a infheictheachta agus a shuntasachta, ag éirí go maorga aníos as an bhfarraige agus iontas á chur orainn mar gheall ar a áilleacht nádúrtha agus ar a aonrú stairiúil agus spioradáltacht.
“Tá sé de shainchúram ar mo Roinn agus ar an OOP an suíomh iontach seo a chaomhnú, a choinneáil slán agus a bhainistiú, ní hamháin do mhuintir na hÉireann, ach don domhan ar fad. Le plean bainistíochta nua agus cuimsitheach, dearbhófar ár bhfreagrachtaí don áit iontach seo, agus tá tuairimí ár ngeallsealbhóirí lárnach dár bhfís 10 mbliana don oileán . "
Chuir an tAire Boxer Moran leis: “ Tá áthas orm páirt a ghlacadh inniu leis an Aire Madigan chun daoine a spreagadh chun cur le hullmhú an Phlean Bainistíochta do Sceilg Mhichíl a bheidh ina threoir dúinn maidir le conas a bhainistímid an Oileán agus a n-oidhreacht Mhainistreach agus Nádúrtha iontach don deich mbliana atá romhainn."
Cuirfear an Plean Bainistíochta nua faoi bhráid EOECNA i 2019 agus beidh an próiseas comhairliúcháin phoiblí oscailte go dtí an 18 Eanáir 2019. Cabhróidh an comhairliúchán seo le hábhar agus treo an Phlean nua a threorú agus a chur ar an eolas. Iarrtar ar dhaoine a bhfuil suim acu i mbainistíocht na bpríomhláithreán oidhreachta, a gcuid tuairimí a chur in iúl don Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta a luaithe agus is féidir ionas gur féidir iad a mheas go hiomlán sula dtéann an plean nua ar aghaidh chuig UNESCO sa Bhliain Nua .
Is féidir le páirtithe leasmhara an Plean Bainistíochta reatha a athbhreithniú agus a íoslódáil, agus sonraí a fháil ar conas a fhéadtar aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an bPlean nua, ar http://www.worldheritageireland.ie/news/news-single-view/article/skellig-michael-management-plan-public-consultation/.



Nótaí d'Eagarthóirí:

1. Cuireadh Sceilg Mhichíl, ar a dtugtar Sceilg Mhichíl air freisin, ar an Liosta Oidhreachta Domhanda EOECNA sa bhliain 1996. Ag éirí aníos as an Aigéan Atlantach, thart ar 12 km siar ó Leithinis Uíbh Ráthaigh i gContae Chiarraí, is láithreán mainistreach oileáin í ón Luath-Mheánaois atá suite in áit iontach, go háirithe an díthreabh iargúlta atá ar ardáin chúnga, de dhéantús an duine atá díreach faoi bhun na Binne Theas.

2. Ag tráth ar cuireadh ar an Liosta Oidhreachta Domhanda EOECNA , tugadh faoi deara gur sampla den scoth é Sceilg Mhichíl, agus ar go leor bealaí is sampla uathúil é de lonnaíocht reiligiúnach luath a bhí suite d’aon ghnó ar charraig phirimidiúil san aigéan, caomhnaithe mar gheall ar thimpeallacht ar leith. Ina theannta sin, tugadh faoi deara freisin go léiríonn an láithreán, ar bhealach nach féidir le haon mhaoin eile, manachais Chríostaí a bhfuil ina shaintréith den chuid is mó d'Afraic Thuaidh, an Neasoirthear, agus an Eoraip. Tá Sceilg Mhichíl ar cheann de na suíomhanna is tábhachtaí in Éirinn maidir le héin fharraige phórúcháin, mar gheall ar éagsúlacht na speiceas agus méid na gcoilíneachtaí a bhfuil ann.

3. Féadtar aighneachtaí maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin a sheoladh chuig:

An Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta
Plean Bainistíochta Sceilg Mhichíl,
Teach an Chustaim,
Baile Átha Cliath 1 D01 W6XO

nó ríomhphost a sheoladh chuig:
skelligmanagementplan@chg.gov.ie

Ba cheart go mbeadh sonraí teagmhála iomlána curtha le gach aighneacht ionas go bhféadtar freagra iomlán a eisiúint.

4. Féadtar breathnú ar an bPlean Bainistíochta 2008-2018 ar
http://www.worldheritageireland.ie/fileadmin/user_upload/documents/FINALVERSIONSKELLIG090708.pdf

5. Tá próiseas comhairliúcháin phoiblí ar leith maidir le Plean Náisiúnta Oidhreachta d’Éirinn ar oscailt faoi láthair. Sonraí le fáil ar:
https://www.chg.gov.ie/heritage/heritageireland2030