Foilsithe ar 

Síneadh ama fógartha ag an Aire Madigan d’aighneachtaí a chur isteach i ndáil le hOidhreacht Éireann 2030

Inniu, d’fhógair an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, go mbeidh tréimhse ama bhreise d’aon mhí amháin ceadaithe don phobal agus do ghrúpaí oidhreachta pobail chun a gcuid tuairimí a nochtadh maidir le hOidhreacht Éireann 2030 – an plean nua náisiúnta d’Oidhreacht na hÉireann.

Tá suim ollmhór tar éis a bheith tarraingthe ar an gcomhairliúchán poiblí, a ndearna an tAire é a sheoladh ar an 1 Samhain 2018, agus breis is 70 ócáid chomhairliúcháin curtha ar siúl timpeall na tíre go dtí seo agus breis is 400 aighneacht faighte maidir leis go dtí seo. Agus í ag caint inniu, dúirt an tAire Madigan:

“Ba mhian liom aitheantas a thabhairt do na grúpaí pobail agus do na heagraíochtaí pobail go léir siúd, go háirithe do Líonra d’Oifigí Oidhreachta agus don Chomhairle Oidhreachta, atá tar éis páirt ghníomhach a glacadh agus an iliomad ócáidí eagraithe timpeall na tíre. Tá breis is 74 ócáid tar éis a bheith ann go dtí seo a rabhthas in ann freastal orthu, agus níos mó dóibh á n-eagrú an t-am go léir. Ar mhaithe leis an deis chun cur leis a thabhairt don oiread daoine is gur féidir, táim tar éis éisteacht le hOifigigh Oidhreachta agus le grúpaí eile a bhfuil níos mó ama iarrtha acu. Dá réir sin, táimse tar éis teacht ar an gcinneadh an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí a shíneadh amach go dtí an 31 Márta 2019.”

Níl i gceist leis na hócáidí seo ach ceann amháin de na ceithre bhealach éagsúla ina bhfuil daoine in ann páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán. Anuas air sin, gríosaítear iad chun:

- dul go dtí an chuid de shuíomh gréasáin na Roinne faoi Oidhreacht Éireann 2030 agus an suirbhé ar líne a líonadh https://www.chg.gov.ie/heritage/heritageireland2030

- aighneacht a chur isteach i scríbhinn, sa phost, chuig Oidhreacht Éireann 2030, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath 1. 

- nó aighneacht a chur isteach trí ríomhphost chuig HeritageIreland2030@chg.gov.ie

Chun teacht ar thuilleadh eolais faoi ócáidí poiblí de chuid Oidhreacht Éireann 2030, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Oifigeach Oidhreachta i do cheantar údaráis áitiúil féin. Tá liosta d’Oifigí Oidhreachta ar fáil ó shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta www.heritagecouncil.ie.