Foilsithe ar 

Ráiteas ó Aire Stáit na Gaeltachta maidir le Largo Foods

Is oth leis an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich an fógra atá déanta ag Largo Foods inniu. Tá fógra déanta ag an gcomhlacht go bhfuil sé ag dul i mbun próiseas comhairliúcháin lena chuid fostaithe i nGaoth Dobhair i gCo. Dhún na nGall agus é mar rún acu an gnó atá ansin a aistriú go príomh-mhonarcha an chomhlachta i gCill Dhéagláin i gCo. na Mí.

Dúirt an tAire Stáit:

Tá an-díomá orm faoin fhógra seo atá déanta ag Largo Foods inniu. Cé go gcuirim fáilte roimh an phlean atá ag an chomhlacht 70 post i gCill Dhéagláin a thairiscint dá chuid fostaithe i nGaoth Dobhair, b'fhearr go mór liom go bhfanfadh na poist seo sa Ghaeltacht. Chuige sin, tá sé i gceist agam achan chúnamh a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta, feadh mo chumais, chun tacú leo fostaíocht úr a mhealladh go Gaoth Dobhair. Tá iarrtha agam ar an Údarás pé céimeanna is gá a thógáil chun tabhairt faoin obair sin láithreach bonn. Mar Aire Stáit na Gaeltachta, tuigimse an tábhacht a bhaineann le cúrsaí fostaíochta chun pobal inmharthana a choinneáil i gceantair Ghaeltachta. Tógfaidh mé achan ghníomh gur féidir liom chun tacú leis an Údarás ina ról mar ghníomhaireacht eacnamaíochta don Ghaeltacht.