Foilsithe ar 

Comhaontuithe cistiúcháin á n-eisiúint do chlár €250m 2020 Leader - an tAire Humphreys

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ag eisiúint na chéad Chomhaontuithe Cistiúcháin inniu (Dé Máirt) do chur i gcrích chlár 2020 LEADER in 18 gcontae.

Is príomhchuid é LEADER 2020 de Chlár Forbartha Tuaithe na hÉireann 2014-2020. Cuirfear cistiú de €250 milliún ar fáil do ghnóthais agus grúpaí pobail ar fud cheantair tuaithe na hÉireann do thionscadail atá roghnaithe ag grúpaí gníomhaíochta áitiúla déanta suas d’ionadaithe áitiúla ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon.

Dírítear an maoiniú ar na réimsí tosaíochta aitheanta sna Straitéisí Forbartha Áitiúla atá curtha le chéile ag na grúpaí gníomhaíochta áitiúla agus measúnaithe ag Coiste Roghnúcháin Neamhspleách. Tá ocht straitéis déag curtha i gcrích anois sa mhéid is gur féidir leis an Aire iad a cheadú go foirmeálta anois trí Chomhaontú Cistiúcháin a thairiscint. Táthar ag dréim leis freisin go gcuirfear roinnt de na straitéisí atá fágtha i gcrích sna seachtainí amach romhainn.

Ag labhairt di inniu dúirt an tAire Humphreys:
“Is céim thábhachtach é seo i gcur i bhfeidhm an chláir LEADER, atá ar na tosaíochtaí is mó atá agam faoi shainchúram na ngnóthaí tuaithe. Leis an gclár seo tugtar cumhacht do ghrúpaí áitiúla aghaidh a thabhairt ar a gcuid riachtanais forbartha féin, cuirtear forbairt tuaithe i lámha na bpobal áitiúil, agus cuirtear maoiniú suntasach ar fáil i ngach contae.

“Is é ceann de na láidreachtaí is mó a bhaineann le LEADER ná gur féidir é a shaincheapadh chun freastal ar riachtanais shonracha phobail áitiúla. Is féidir le grúpaí gníomhaíchta áitiúla tionscadail a mhaoiniú ar fud raon de théamaí éagsúla ar nós forbairt fiontraíochta, turasóireacht tuaithe, bailte faoin tuath a fheabhsú agus seirbhísí bunúsacha a chur ar fáil do phobail atá as an gcosán.

“Mar thoradh ar an obair ullmhúcháin atá á déanamh i ngach ceantar le 12 mhí anuas tá straitéisí cuimsitheacha ardchaighdeáin curtha le chéile atá bunaithe ar theagmháil fhairsing le pobail i ngach cearn den tír.

“Ina ainneoin sin, áfach, níltear ach ag tosú anois ar an obair dhian agus tá éileamh suntasach ann go gcuirfear tús le gníomhaíocht LEADER i ngach contae agus go gceadófar iarratais. Agus é sin tugtha san áireamh, táim ag gríosadh na grúpaí gníomhaíochta áitiúla chun dearbhú a thabhairt sna seachtainí amach romhainn go bhfuiltear ag glacadh leis an gComhaontú Cistiúcháin ionas gur féidir maoiniú LEADER a chur ar fáil i ngach ceann de na contaetha sin.”


Nóta don Eagarthóir

LEADER 2020 (Liaisons entre actions de developpement de l’économie rurale)

Tá conarthaí LEADER eisithe sna réigiúin seo a leanas:

Ceantar Foréigiúnach
Port Láirge
Luimneach
Tuaisceart Chorcaí
Ros Comáin
Uíbh Fhailí
Sligeach
An Iarmhí
Laois
Loch Garman
Muineachán
Ciarraí
An Mhí
Cill Mhantáin
Tiobraid Árann
An Cabhán
Liatroim
Ceatharlach
Maigh Eo