Cóipcheart agus Séanadh

Cóipcheart

Tá an t-ábhar atá á léiriú ar an láithreán seo faoi réir cóipchirt Rialtais, de réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Féadfar an t-ábhar a íoschóipeáil  chuig comhad nó chuig printéir gan cead roimh ré ar leith.

Ní theastaíonn aon chead foirmiúil uait chun naisc hipirtéacs a chruthú chuig an láithreán seo nó chun físeáin atá sa láithreán seo a leabú.

Beidh aon úsáid bheartaithe eile ar an ábhar faoi réir théarmaí Rialacháin Athúsáide Faisnéise na hEarnála Poiblí (IR 279 de 2005).

Maidir leis an gcead le hábhar cóipchirt Rialtais a atáirgeadh, ní chlúdaíonn sé aon ábhar ar an láithreán seo arbh fhéidir gur maoin í de chuid tríú páirtí. Ní mór an t-údarú chun an t-ábhar sin a atáirgeadh a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt lena mbaineann.

Fuarthas an t-ábhar físe ar fad ar imeachtaí Dháil Éireann ó Sheirbhís Chraolta  Ghréasán na Dála arna soláthar ag HEAnet, Líonra Náisiúnta Taighde agus Oideachais na hÉireann, i gcomhar le hOifig Thithe an Oireachtais.

Rialacháin maidir le hAthúsáid Eolais Seirbhíse Poiblí 2005 (IR 279 de 2005)

Bíonn na rialacháin maidir le hAthúsáid Eolais Seirbhíse Poiblí á gcomhlíonadh ag an suíomh seo id athúsáid an eolais a chuirimid ar fáil. Tá na rialacháin le fáil ag www.psi.gov.ie.

Tá an t-eolas go léir atá ar ár láithreán gréasáin faoi réir chóipcheart SráidMhuirfean.ie mura dtugtar a mhalairt le fios. Féadfaidh tú an t-eolas atá ar an láithreán gréasáin seo a athúsáid in aon fhormáid saor in aisce.
Féadfar eolas agus doiciméid a fhaightear ón láithreán gréasáin seo a athsholáthar agus/nó a athúsáid faoi réir an cheadúnais PSI is deireanaí atá ar fáil ag www.psi.gov.ie.

Séanadh

Tá a bhfuil sna leathanaigh seo á soláthar mar threoir faisnéise amháin. Tá siad ceaptha cur le rochtain an phobail ar eolas nó faisnéis faoin Rialtas agus faoina chuid Ranna. Ainneoinn go ndéantar gach dícheall le linn ábhar a ullmhú lena fhoilsiú, ní ghlacann an Stát aon fhreagracht air féin ná ní ghlactar le haon fhreagracht thar ceann an Stáit as aon earráidí, easnaimh ná ráitis mhíthreoracha ar na leathanaigh seo ná ar aon láithreán a bhfhuil ceangal ag na leathanaigh seo leo.

Ainneoin go ndéantar gach dícheall d’fhonn iontaofacht na láithreán liostaithe a chinntiú, ní fhéadfar glacadh leis sin mar dhearbhú i leith na láithreán sin.
Baineann an láithreán gréasáin seo úsáid as láithreáin nach láithreáin rialtas chun eolas agus seirbhísí a chur ar fáil go forleathan. Amanta bíonn baint dhíreach againn leat ar na láithréain sin, amanta bainimid úsáid as na seirbhísí sin mar bímid ag iarraidh a bheith san áit a bhfuil tusa cheana féin. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird nach láithréain tráchtála iad seo agus nach bhfuil ceangal orthu caighdeáin rialtais a leanúint. Ba mhaith an ní é i gcónaí cur amach a bheith agat ar pholasaithe agus ar rialacha príobháideachais na láithreán sin. De ghnáth is féidir leat teacht ar naisc chuig polasaithe ag íochtar an leathanaigh (buntásc) nó uaireanta ag barr an leathanaigh (ceanntásc).