Eolas

NEW Tugann SráidMhuirfean.ie Seirbhís Nuachta an Rialtais léargas ar an Rialtas do dhaoine ó thaobh Thithe an Rialtais féin. Tabhartar léargas ar an Rialtais, ná raibh ar fáil cheana féin, ar láithreán gréasáin amháin. Tá súil againn go mbainfear saoránaigh, iriseoirí nó aon pháirtí leasmhar eile ar fud an domhain, leas as an láithreán gréasáin.

Déanann SráidMhuirfean.ie athbhreithniú ar raon leathan de ghníomhaíochtaí rialtais agus ansin déanfar roinnt príomhimeachtaí áirithe a thuairisciú mar nuacht. Tá gach preasráiteas rialtais le fáil ar ár láithreán gréasáin – trí fhotha RSS nó trí naisc chuig gach roinn rialtais. Ach is é an príomhtasc atá againn ná imeachtaí éagsúla a thuairisciú go hoibíochtúil i dteanga na bhfeasachán nuachta. Cuirimid ‘Issues’ ar fáil chomh maith, áit a gcuirfear eolas téamúil úsáideach, nach mbaineann le dáta áirithe, i láthair.

Úsáidimid na huirlisí closamhairc agus na cumais Idirlín is déanaí chun beocht a chur faoi na himeachtaí seo. Tá físeáin, clostrealaimh, grianghraif, téacs, naisc chuig láithreáin gréasáin eile agus go leor eolas úsáideach againn a bheidh daoine in ann a roinnt. Táimid nasctha le YouTube, Flickr, Facebook agus Twitter.

Cuireann foireann i dTithe an Rialtais SráidMhuirfean.ie ar fáil agus tá baint ag Seirbhís Faisnéise an Rialtais, Preas agus IT an Rialtais léi. Níl sé mar chuspóir againn dul in iomaíocht leis na meáin thraidisiúnta i dtéarmaí spriocamanna, scóipe ná scúip. Go deimhin tá súil againn go mbeidh SráidMhuirfean.ie mar phointe tagartha
úsáideach d’iriseoirí agus is féidir leo a cuid gnéithe a úsáid agus a thuairisciú. Ach beidh daoine a bhfuil suim acu in obair an Rialtais in ann féachaint ar na forbairtí is déanaí ar láithreán gréasáin amháin, agus beidh mar chartlann eolais luachmhar le himeacht ama.

Is iad Tithe an Rialtais croílár an rialtais. Is as seo a dhéanann An Taoiseach,Ceann an Rialtais, obair an Rialtais a chomhordú. Tagann an Chomh-Aireacht le chéile ar bhonn seachtainiúil. Is ann a dhéantar cinntí Rialtais. Leagann an Taoiseach amach beartas leathan rialtais. Tosaíonn peirspeictíocht SráidMhuirfean.ie le hobair an Taoisigh agus leathnaíonn go rialtas níos leithne ag tuarisciú saincheisteanna agus imeachtaí rialtais a mheastar a bheith tábhachtach. Ní gabhann SráidMhuirfean.ie do thuairimíocht páirtí polaitíochta. Beidh an saoránach in ann focail an Taoisigh nó an Aire faoi ábhar tábhachtach a chloisteáil nó a léamh arís. Beidh deis go leor óráidí a fháil arís ina n-iomláine, rud a thabharfaidh léiriú níos soiléire ar intinn an Rialtais.

Cloíonn an fhoireann a bhíonn ag obair ar SráidMhuirfean.ie le Cód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse, cóip de atá ar fáil ar 
leathanach eolais faoi Cóid Iompair ar láithreán gréasáin Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí .