Foilsithe ar 

Aird á tarraingt ag an Aire Humphreys ar neart chomhoibriú cultúrtha na hÉireann agus na Fraince ag seoladh Chlár Éire Ildánach i bPáras

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, in éineacht inniu (Dé Máirt) le hAmbasadóir na hÉireann chun na Fraince, Geraldine Byrne Nason, agus Doireann Ní Bhriain Uasal ón Centre Culturel Irlandais chomh maith le hionadaithe as ar fud earnáil na n-ealaíon agus an chultúir sa Fhrainc, le haghaidh tráthnóna speisialta de léamha agus de cheol chun seoladh Chlár Éire Ildánach sa Fhrainc a chomóradh.
Ag an ócáid rinneadh an tiontú go Fraincis den suíomh tairsí idirnáisiúnta Ireland.ie a sheoladh freisin, chomh maith leis an bhfíseán bolscaireachta a théann leis dar teideal This is Ireland, atá roinnte agus feicthe níos mó ná 2 mhilliún uair ó sheol an Taoiseach Enda Kenny TD é i Washington i mí an Mhárta 2017.
I measc na n-aíonna speisialta ag an ócáid bhí garmhac Oscar Wilde, Merlin Holland, a léigh sliocht as saothar an údair ardmholta, chomh maith le Conor Lovett as Gare St Lazare Ireland, a léigh píosa as Here All Night le Samuel Beckett agus taibhiú ceoil leis an snagcheoltóir ardmholta, Barry Donohoe, Ealaíontóir Cónaithe reatha Music Network sa Centre Culturel Irlandais.
Ag labhairt di ag ócáid an lae inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá áthas orm an deis seo a thapú le bheith anseo inniu sa Centre Culturel Irlandais stairiúil álainn seo i bPáras le hÉire Ildánach a chur i láthair dár gcairde, comhpháirtithe agus comhghleacaithe ar fud earnáil na n-ealaíon sa Fhrainc agus bhur dtacaíocht a iarraidh.
“Tá cuid mhór i gcoiteann ag Éirinn agus an Fhrainc ó thaobh ár luachanna cultúrtha de agus an bhéim a chuireann muid ar ról an ealaíontóra sa tsochaí agus i dtaobh ár saol a shaibhriú. Chuir triúr dár scríbhneoirí is fearr fúthu i bPáras agus tá lúcháir orm go gcloisfidh muid cuid dá saothar le linn an tráthnóna. Is onóir mhór ach go háirithe é go bhfuil Merlin Holland, garmhac Oscar Wilde, anseo linn agus go mbeidh sé ag léamh dúinn tráthnóna inniu.
“Tá sé tábhachtach domsa go dtabharfar deis do healaíontóirí Éireannacha sa bhaile agus thar lear páirt a ghlacadh i dtionscnamh uaillmhianach cúig bliana Chlár Éire Ildánach, a bhfuil sé mar aidm leis an cultúr a chur i gcroílár an tsaoil, ar mhaithe le dul chun cinn ár muintir agus treisiú ár sochaí.
“Le hÉire Ildánach tá teachtaireacht shuntasach á cur in iúl don domhan faoin tábhacht atá leis an gcultúr in Éirinn agus mar atá clár oibre uaillmhianach cultúir á leagan amach ag an Rialtas. Tá sé tábhachtach freisin go bhfoghlaimímid ó shamplaí idirnáisiúnta, agus go ndéanaimid machnamh ar conas a chuir tíortha eile na healaíona agus an cultúr i dtosaíocht ag leibhéal náisiúnta. Is céim ríthábhachtach é tiontú suíomh gréasáin Ireland.ie go Fraincis ó thaobh neart ár gcultúir agus ár gcruthaitheacht a chur in iúl do lucht féachana domhanda atá de shíor ag dul i méid.
“Is iad an chruthaitheacht agus an chomhobair príomhluachanna an chláir seo agus níl aon áit níos fearr lena sheoladh ná anseo sa Centre Culturel Irlandais. Is foinse luachmhar inspioráide é an t-ionad seo do na healaíontóirí iomadúla a thug cuairt air nó a d’fhan ann thar na blianta. Chuir sé deis uathúil ar fáil freisin chun raon fairsing comhshaothar bríomhar spreagúil a chruthú idir ealaíontóirí na hÉireann agus pobal gnaíúil fáilteach ealaíontóirí na Fraince agus ealaíontóirí lonnaithe i bPáras.
Bhí an méid seo le rá ag a Soilse, an tAmbasadóir Geraldine Byrne Nason: “Tá lúcháir mhór orm go bhfuil an tAire Humphreys anseo le hÉire Ildánach a sheoladh i bPáras. Anuraidh bhí sé mar chuid dár gcomóradh ar 1916 “Páras, Príomhchathair Chultúr na hÉireann” a cheiliúradh. Bhí Páras ina áit chónaithe ag mórphearsana cultúrtha na hÉireann lena n-áirítear Samuel Beckett, Oscar Wilde, Eileen Gray agus James Joyce. Is é ról na hAmbasáide anois tacú le healaíontóirí na hÉireann atá ag teacht chun cinn agus a bheidh ina mórphearsana san 21ú haois.”