Foilsithe ar 

Aitheantas Stáit do Phríomhghnéithe Oidhreacht Chultúrtha Bheo na hÉireann fógartha ag an Aire Madigan

Sheol an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan TD, inniu, an Buanfhardal Náisiúnta Oidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe, agus na cleachtais oidhreachta cultúrtha atá beo in Éirinn á gceiliúradh. Is ionann an beart seo agus aitheantas oifigiúil an Stáit do chleachtais chultúrtha ar fud na hÉireann agus beidh ann dó chun na cleachtais seo a chosaint agus a chaomhnú do na glúnta atá le teacht.

Tugadh aitheantas oifigiúil do 30 gné de chultúr beo na hÉireann ag an ócáid a reáchtáladh in Uiscebhealaí Éireann. Traidisiúin uisce atá i gcuid díobh, mar shampla Déantús Naomhóga na Bóinne, déantús naomhóga traidisiúnta mara, Oidhreacht Snámha, gnéithe loingseoireachta ar uiscebhealaí intíre na hÉireann a chuimsiú agus SmeachIíontóireacht agus bhí baint thábhachtach ag báirse oidhreachta leis an ócáid freisin.

Cuid eile de na cleachtais ar tugadh aitheantas dóibh ag an ócáid ba ea ceoltóirí traidisiúnta na hÉireann agus Cleamairí Fhine Gall. Tá cur amach náisiúnta ar chuid de na nósanna agus traidisiúin mar shampla na cleachtais a bhaineann le bheith ag pórú, ag taispeáint agus ag obair le Pórtha Madraí Ginealaigh Dúchasacha de chuid na hÉireann fad is a bhaineann cuid eile le réigiúin ar leith cosúil le traidisiúin an chlogra (cnagorgán clogaireachta) sa Chóbh, Contae Chorcaí, lásadóireacht Charraig Mhachaire Rois agus Luimnigh agus na cleachtais ag Tobair Bheannaithe i gContae an Chláir.

Dúirt an tAire:

'Is iontach a leithéid d'éagsúlacht nósanna agus traidisiún ó gach cearn den tír a fheiceáil agus aitheantas á thabhairt dóibh anseo inniu. Déanann na snáitheanna seo uile i dtaipéis chultúrtha ár saoil níos saibhre muid mar dhaoine agus mar thír. Níorbh fhéidir aon chuid de seo a dhéanamh gan obair oibrithe díograiseacha deonacha ar fud na tíre, ar choinnigh a mbaint le cleachtais agus traidisiúin chultúrtha agus oidhreachta a bpobail na cleachtais agus na traidisiúin úd ag imeacht le himeacht na nglúnta. Tá áthas an domhain orm urraim a thabhairt do na nósanna, cleachtais agus traidisiúin sin trí aitheantas oifigiúil Stáit a thabhairt dóibh san Fhardal Náisiúnta.

Ag labhairt dó faoi Bhuailteachas Geimhridh i mBoirinn, dúirt an Dr Brendan Dunford, Bainisteoir Chlár Bhoirne:

'Tá fáilte roimh an aitheantas seo do thábhacht an phobail feirmeoireachta agus a chuid traidisiún i dtírdhreach a bhfuil cáil air dá geolaíocht, seandálaíocht agus éiceolaíocht. Is álainn an bealach é urraim a thabhairt do na glúnta feirmeoirí atá imithe romhainn a chruthaigh na cleachtais nuálacha seo de bharr na mbac a chuir tír-raon carraigeach Bhoirne rompu, agus is teachtaireacht mhisnigh é freisin do ghlúnta feirmeoirí an lae inniu agus do na glúnta feirmeoirí atá le teacht gur mór againn iad mar shochaí agus go bhfuilimid buíoch díobh agus dá dtraidisiúin uathúla a choinníonn an tírdhreach aoibhinn seo ag imeacht.'

Is cuid ríthábhachtach d'obair na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta é forbairt Fhardal Náisiúnta Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe na hÉireann faoi Choinbhinsiún UNESCO 2003 maidir le Caomhnú Oidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe, a éilíonn go ndéanfadh Stáit sínithe oidhreacht chultúrtha bheo a dtíortha a aithint, a chosaint agus a chur chun cinn.

D'éirigh le hÉirinn an phíb uilleann agus an iomáint a chur le Liosta Ionadaíoch UNESCO den Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe agus pléifear iarratas ó Éirinn an chláirseach a chur le liosta UNESCO ag deireadh na bliana seo.

Is trí phróiseas glaoigh oscailte a fuarthas na gnéithe de chleachtais oidhreacht chultúrtha na hÉireann atá san áireamh i bhFardal Náisiúnta na hÉireann agus rinne sainchoiste comhairleach measúnú orthu. D'fhonn a chinntiú go mbainfear Fardal Náisiúnta cuimsitheach amach, leanfar ar aghaidh ag glacadh le léiriú spéise ar bhonn atrátha: Is féidir leo sin a bhfuil spéis acu ann teagmháil a dhéanamh leis an Roinn ag nationalich@chg.gov.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

Nótaí d’eagarthóirí

Tá an liosta iomlán ar fáil thíos.

Píobaireacht Uilleann

-              Iománaíocht

-              Cruitireacht na hÉireann

-              Buailteachas Geimhridh sa Bhoirinn

-              Lása Luimnigh

-              Turas Cholm Cille

-              Iascaireacht Snap Net

-              Lása Cróise na hÉireann

-              Clogaireacht an Chóibh

-              Pórtha de Ghadhair Dhúchasacha na hÉireann

-              Ealaín agus Cleachtas na Seabhcóireachta

-              Conair Oilithreachta Naomh Moiling

-              Bróidnéireacht Mhóinteach Mílic

-              Caintis / Gaimis, teanga thraidisiúnta lucht siúil na hÉireann

-              Stánadóireacht an Lucht Siúil

-              Curach Farraige a Dhéanamh

-              Cleamairí Fhine Gall

-              Caoladóireacht

-              Clódóireacht Litirphreasa in Éirinn

-              Oidhreacht Snámha

-              Lásadóireacht Charraig Mhachaire Rois

-              Marcanna na Talaimh

-              Tógáil Cloch Shingil

-              Ceol Traidisiúnta na hÉireann

-              Feirmeoireacht Thraidisiúnta agus Gadhar Caorach a Thraenáil

-              Capaill Oibre na hÉireann a Phórú

-              Curach na Bóinne a Dhéanamh

-              Tochailt le Láí

-              Toibreacha Beannaithe i gContae an Chláir

-              Féile Bríde Chiarraí Láir