Foilsithe ar 

An cúigiú tuarascáil bhliantúil ar bhagairtí ar éin chreiche á foilsiú

Tá an cúigiú tuarascáil bhliantúil ar bhagairtí ar éin chreiche foilsithe inniu (Dé Céadaoin) ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta. Tá an tuairisc curtha le chéile ag Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne i gcomhar le Sathaorlanna Réigiúnacha Tréidliachta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus an tSaotharlann Stáit.  Cuireadh an tuairisc i dtoll a chéile mar thoradh ar chomhthionscnamh na Ranna chun fiosrúchán a dhéanamh ar bhásanna éin chreiche in Éirinn.

 

Le linn 2015 tharla an líon teagmhas is airde ó cuireadh tús le taifeadadh córasach in 2011. San iomlán, dearbhaíodh 35 teagmhas nimhe agus géarleanúna.  In 2016, d’éirigh le dhá chás cúirte a thug an SNPF maidir le nimhiú; cás amháin a bhain le ceathrar duine a nimhigh líon áirithe éan creiche in Iarthar Phort Láirge, agus cás eile a bhain le duine a bhí ag cur síos baoite nimhe.

 

Tá dhá chatagóir ann do nimhiú: nimhiú de thimpiste trí nimh a úsáid chun déileáil le francaigh agus luchóga agus a bhailíonn sna héin a itheann iad, cúir rua agus scréachóga reilige ach go háirithe; agus nimh a chuirtear amach d’aon turas.  Ar íospartaigh nimhithe agus géarleanúna ó bhí 2007 ann tá an Cúr Rua, Clamhán Coiteann, Fabhcún Gorm, Iolar Fíréan, Iolar Mara, Spioróg, Pocaire Gaoithe, Cromán na gCearc, Scréachóg Reilige, agus Ulchabhán Réisc. Fuarthas gur nimhíodh níos mó ná céad éan eile ar nós caróga agus colúir freisin.

 

Trí Bhunachar Sonraí an SPNF de theagmhais nimhe/ghéarleanúna is féidir breithmheas a dhéanamh ar bhaill dhubha, cineálacha úsáide talún atá gaolmhar, modhanna géarleanúna, na cuspóirí ar chúl na géarleanúna agus na tráthanna den bhliain ina dtarlaíonn an líon is mó de na teagmhais sin.

Cuireadh an tuarascáil le chéile mar thoradh ar chomhoibriú idir an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra, Saotharlanna Réigiúnacha Tréidliachta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an tSaotharlann Stáit, agus bhí baint ag an nGarda Síochána leis freisin.  Luaitear sa tuairisc go bhfuiltear in ann teacht ar éin mharbha anois mar gheall ar ghléasanna rianaithe, ach go bhfágann sé sin gur dócha go bhfuil na fíorleibhéil bháis píosa maith níos airde.