Foilsithe ar 

An tAire Stáit McHugh - Stádas mór le rá UNESCO bronnta ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann UCD

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu go bhfuil aitheantas faighte ag Cnuasach Bhéaloideas Éireann UCD, ceann de na cartlanna béaloidis agus staire cultúrtha san Eoraip, ó Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) as a bhailiúchán bunúsach—Cnuasach Choimisiún Béaloideasa Éireann 1935-1970—atá curtha le Clár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain UNESCO.

Leis an aitheantas atá á thabhairt ag clár Chuimhne an Domhain UNESCO, tarraingítear aird ar an doiciméadú uathúil luachmhar ar chultúr na hÉireann atá faighte ag Coimisiún Béaloideasa Éireann agus atá i seilbh Chnuasach Bhéaloideas Éireann UCD. Aibhsíonn sé freisin, áfach, tiomantas UCD do chaomhnú agus cur chun cinn chultúr na hÉireann trína thaisclanna iontacha oidhreachta chomh maith lena oideachas den scoth agus a ghníomhaíochtaí taighde.

Bunaíodh an Clár i 1992 le haitheantas a thabhairt d’oidhreacht dhoiciméadach a measann saineolaithe a bheith de “shuntas den scoth” do chultúr an domhain. Níl aitheantas tugtha sa Chlár ach d’iontráil amháin eile de chuid na hÉireann go dtí seo, is é sin Leabhar Cheanannais, a cuireadh leis in 2011. Cuimsíonn an Clár 427 doiciméad agus bailiúchán ar fud an domhain, lena n-áirítear an Magna Carta, Dialann Anne Frank agus Taipéis Bayeux.

D’fhógair an tAire Stáit McHugh go mbeadh a Roinn ag leithdháileadh maoiniú de €100,893 ar thionscadal Dúchas.ie don bhliain 2018. Is toradh é an tionscadal Dúchas ar chomhpháirtíocht, a bunaíodh in 2012, idir Cnuasach Bhéaloideas Éireann in UCD, Leabharlann Dhigiteach UCD agus Fiontar & Scoil na Gaeilge, an t-aonad teagaisc agus foghlama trí mheán na Gaeilge in DCU. Is é cuspóir an tionscadail Cnuasach Bhéaloideas Éireann a dhigitiú agus a chur ar fáil don phobal ar líne. Tá dhá chuid an-suntasach de na bailiúcháin digitithe cheana - ‘An Bailiúchán Grianghraf’ agus ‘Bailiúchán na Scol’, dá n-iarradh ar níos mó ná 50,000 páiste scoile as 5,000 scoil i 26 contae Shaorstát Éireann béaloideas a bhailiú ina gceantair dhúchais sna 1930í. Rinne na páistí an t-ábhar sin a thaifeadadh óna dtuismitheoirí, óna seantuismitheoirí agus óna gcomharsana.

Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire Stáit McHugh:

Is cúis lúcháire dom é go bhfuil stádas Chuimhne an Domhain UNESCO bronnta ar Chnuasach Bhéaloideas Éireann. Leis an bronnadh sin tugtar aitheantas atá dlite dó ar thábhacht an chnuasaigh, ní amháin anseo in Éirinn, ach go hidirnáisiúnta fosta. Tá an chartlann, a cuireadh le chéile go díograiseach ag an Choimisiún Béaloideasa Éireann, ar cheann de na cartlanna is mó dá leithéid, agus cuimsítear ann na mílte imleabhar de lámhscríbhinní, tuairim is 80,000 grianghraf agus níos mó ná 10,000 uair an chloig de thaifid fuaime. Rinneadh an obair sin uilig le linn tréimhse dár stair nuair a bhí athrú ollmhór ag teacht ar ár dteangacha, ar an saol sóisialta agus ar an chultúr. Mar sin de, is taifead uathúil é an cnuasach de shaol cultúrtha agus sóisialta na hÉireann, chomh maith leis na healaíona ó bhéal agus an ceol. Tá cuid mhór gnéithe shuntasacha den chnuasach digitithe agus foilsithe ar shuíomh gréasáin Dúchás.ie le blianta beaga anuas.

Bhí sé de phléisiúr agam le gairid suíomh gréasáin úr dúchas.ie a sheoladh, chomh maith leis an bhailiúchán is úire, an Bailiúchán Grianghraf. Tá a fhios agam go bhfuil tóir mhór ar an Bhailiúchán Grianghraf, lena dtugtar dearcadh úr ar oidhreacht shaibhir ilchineálach na hÉireann leis na mílte grianghraf as áiteanna ar fud na tíre, agus go mbaineann daoine ón Bhreatain, na Stáit Aontaithe, ón Astráil agus ó Cheanada, agus go leor tíortha eile, úsáid as. Tá lúcháir orm go mbeidh mo Roinn ábalta maoiniú de €100,893 a chur ar fáil le leanúint leis an tionscadal seo ar an bhliain seo chugainn.”

Nótaí do na hEagarthóirí:

Eolas faoi Chnuasach Bhéaloideas Éireann

Is é Cnuasach Bhéaloideas Éireann ceann de na cartlanna is mó san Eoraip den bhéaloideas agus den stair chultúrtha. Ba iad Institiúid Bhéaloideas Éireann (1930-1935), Coimisiún Béaloideasa Éireann (1935-1970), agus Roinn Bhéaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile (1972-2005) a chuir go leor den ábhar ón gcartlann atá anois i gCnuasach Bhéaloideas Éireann i dtoll a chéile. San áireamh leis freisin tá ábhair ón gcartlann a bhailigh An Cumann le Béaloideas Éireann (1926- ), grúpa a raibh gaol dlúth aige le Cnuasach Bhéaloideas Éireann. Ó bhí 2015 ann tá riaradh an Chnuasaigh á dhéanamh i Leabharlann UCD.

Cuimsítear go leor gnéithe de shaothar an duine, ón gcultúr ábhartha go litríocht ó bhéal, teanga agus léiriú ealaíonta leis na taifid fuaime agus scannáin, lámhscríbhinní agus ábhair chlóite uathúla. Cabhróidh raon áiseanna aimsithe le taighdeoirí agus iad ag cuardach eolais faoi dhúiche, réimse nó ábhair faoi leith curtha ar fáil ag aon duine de na mílte faisnéiseoir, bailitheoir agus comhfhreagraí thar na blianta. Is féidir raon d’ábhar cartlannaíochta ón Chnuasach a fheiceáil ag www.duchas.ie agus ag digital.ucd.ie.

Trína líonra de bhailitheoirí lánaimseartha agus páirtaimseartha, d’oibrigh Coimisiún Béaloideasa Éireann, iad spreagtha agus faoi threoir ag scoláirí béaloidis Lochlannacha a raibh tús curtha acu le taifeadadh a gcuid traidisiún dúchasach féin roimhe sin, go cúramach agus go córasach ar bhéaloideas agus stair chultúrtha na hÉireann a dhoiciméadú tráth a bhí athrú ag teacht ar shaol sóisialta agus eacnamaíoch na tíre.

Tá ábhar as gach ceann de na 32 contae ann, chomh maith le cuid de na hOileáin amach ó chósta Thiar na hAlban. I 1948 chuir an Coimisiún foireann de shaothraithe allamuigh go hOileán Mhanann le taifeadadh a dhéanamh ar chuid de na cainteoirí dúchais dheireanacha de Ghaeilge Mhanann a bhí fágtha.

Clár Chuimhne an Domhain (MoW) UNESCO

Tar éis chruinniú ceithre lá ag Ceanncheathrú UNESCO, Páras, ón 24-27 Deireadh Fómhair 2017, mhol Coiste Comhairleach Idirnáisiúnta Chlár Chuimhne an Domhain (MoW) UNESCO 78 ainmniúchán nua do Chlár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain.