Foilsithe ar 

Baill nua á gceapadh ag an Aire Humphreys ar Bhord Scannán na hÉireann

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys, inniu (Dé hAoine) go bhfuil seachtar ball nua ceaptha aici ar Bhord Scannán na hÉireann. Tá na ceapaithe uile seiceáilte ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí agus fuarthas amach go bhfuil an taithí acu atá ag teastáil chun freastal ar an mBord.

Tá Annie Doona ceaptha ag an Aire mar Chathaoirleach ar an mBord.

Déanfar na ceapacháin ar bhonn téarma roinnte chun tacú le pleanáil comharbais agus leanúnachas amach anseo.

Is iad baill nua Bhord Scannán na hÉireann:

Larry Bass
Annie Doona
Mark Fenton
Katie Holly
Rachel Lysaght
Kate Mc Colgan
Marian Quinn

Nótaí do na hEagarthóirí

Beathaisnéisí gearra Bhaill an Bhoird:

Larry Bass: Bunaitheoir agus POF ShinAwiL Productions. Iar-Stiúrthóir Feidhmiúcháin, Screentime Pty. (Australia).

Annie Doona: Iar-Chathaoirleach ar Bhord Scannán na hÉireann. Uachtarán, IADT Dún Laoghaire.

Mark Fenton: POF agus Bunaitheoir Masf Consulting. Iar-Chomhpháirtí Domhanda AD Gnó le AXA Group. Tá taithí aige ar Choistí Iniúchóireachta agus Riosca, agus bhí sé mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus Rúnaí Cuideachta ar bhoird chorparáideacha agus institiúidí neamhbhrabúis.

Katie Holly: Stiúrthóir Bainistíochta Blinder Films. Iar-Cheannasaí Forbartha agus Feidhmeannach Léiriúcháin in Treasure Entertainment.

Rachel Lysaght: Bunaitheoir agus Treoirléiritheoir Cruthaitheach do Underground Films. Cathaoirleach ar Women in Film and Television, Craobh na hÉireann.

Kate Mc Colgan: Stiúrthóir Bainistíochta agus Léiritheoir, Calico Pictures. Comhairleoir do MPI Media. Bhí róil aici roimhe in Element Pictures, MTV Arabia, The Weinstein Company agus Parallel Films.

Marian Quinn: Scríbhneoir/Stiúrthóir agus bunaitheoir Janey Pictures. Léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus aoi-léachtóir in OÉ Gaillimh agus Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Cathaoirleach, Coiste Comhionannais agus Gníomhaíochta, Cuallacht Scríbhneoirí, Cuallacht Stiúrthóirí Scáileáin.