Foilsithe ar 

Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 - DréachtChinn an Bhille foilsithe

Tá se fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Seán Kyne, T.D., inniu go bhfuil DréachChinn an Bhille, atá le dréachtú chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, foilsithe anois.

 

Dúirt an tAire Stáit Kyne inniu:

"Bhí áthas orm Dé Máirt seo caite nuair a fuair mé cead ón Rialtas le bille a dhréachtú chun leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.  Fáiltím roimh an moladh atá faighte ó dhaoine agus grúpaí ar leith, an Coimisinéir Teanga ina measc, go dtí seo do na moltaí atá sna dréachtchinn sin.  Tá áthas orm anois na dréachtchinn seo a fhoilsiú le go mbeidh deis ag an bpobal i gcoitinne staidéar a dhéanamh orthu.  Níl anseo ach céim amháin, agus tuigim go bhfuil go leor oibre dúshlánaí amach romhainn.  Ach tá mé dóchasach go mbeidh tairbhe lenár gcuid iarrachtaí agus go mbeidh muid in ann Bille Teanga láidir a dhréachtú, ar mhaithe leis an teanga agus ar mhaithe le Pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.”

 

Is féidir na DréachtChinn a íoslódáil ag

http://www.ahrrga.gov.ie/app/uploads/2015/07/bille-na-dteangacha-oifigiula-leasu-2017-sceim-ghinearalta-agus-dreachtchinn-an-bhille.pdf