Foilsithe ar 

Caiteachas ar Oideachas Gaeltachta le Méadú Faoi Dhó i 2019 - An tAire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh T.D.

Inniu (28 Samhain 2018), bhuail an tAire McHugh T.D. le baill an Choiste Comhairligh um Polasaí don Oideachas Gaeltachta in Institiúid Oideachais Marino.
Bunaíodh an Coiste Comhairleach, ar a bhfuil raon leathan d’ionadaithe ó na páirtithe leasmhara agus ó eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí Gaeilge, i Márta 2017 chun tacú le hobair an Aonaid um Oideachas Gaeltachta i bhfeidhmiú an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022. Tugann cruinnithe den Choiste Comhairleach deis do na príomhpháirtithe leasmhara comhairle a thabhairt d’fheidhmiú an Pholasaí d’Aonad um Oideachas Gaeltachta na Roinne.
Ag labhairt ag an 6ú cruinniú den Choiste Comhairleach don Pholasaí um Oideachas Gaeltachta dúirt an tAire: “Tá sé tráthúil go bhfuil an cruinniú á thionól in Institiúid Oideachais Mharino de bharr go mbeidh an chéad chlár oideachais tosaigh múinteoirí trí mheán na Gaeilge ag tosú i mí Mheán Fómhair 2019 san Institiúid Ardoideachais sin, mar chuid d’fheidhmiú an Pholasaí Gaeltachta.

Dhearbhaigh an tAire a thiomantas maidir leis an teanga a chur chun cinn. Dúirt sé go bhfuil sé mar aidhm aige úsáid na Gaeilge a chothú sna ceantair Ghaeltachta agus oideachas ar ardcháilíocht trí Ghaeilge a sholáthar sna scoileanna agus sna suíomhanna luathoideachais Ghaeltachta. Dúirt sé go bhfuil tiomantas an Rialtais léirithe freisin sa mhéadú ollmhór atá le sonrú ar an mbuiséad d’fheidhmiú an Pholasaí, ó mhilliúin euro sa bhliain 2017 go dtí os cionn €2.3m in 2018. D’fhógair an tAire McHugh go méadófar an caiteachas ar oideachas Gaeltachta faoi dhó suas go cúig mhilliún in 2019, chun tacú le feidhmiú ghníomhartha an Pholasaí.
Dúirt an tAire: “Ó bunaíodh an tAonad um Oideachas Gaeltachta sa Roinn i 2017, tá dul chun cinn suntasach déanta i bhfeidhmiú an Pholasaí. Áirítear seoladh na Scéime Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta, conarthaí bronnta ar dhá Institiúid Ardoideachais chun dhá chlár oideachas múinteoirí nua trí mheán na Gaeilge a sholáthar. Chomh maith le sin, tá tús curtha leis an tionscadal píolótach ríomh-Mhol agus leis an gclár forbartha teanga Forás in iar-bhunscoileanna Gaeltachta. Táthar ag súil go gcuideoidh na tionscnaimh seo le hoideachas ardcháilíochta trí mheán na Gaeilge a sholáthar i scoileanna Gaeltachta.”

Mhol sé obair an Aonaid um Oideachas Gaeltachta maidir le comhordú na ngníomhartha éagsúla den Pholasaí go dáta. Ghabh sé buíochas freisin leis An gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) don ról tábhachtach atá acu i bhfeidhmiú an Pholasaí, lena n-áirítear an soláthar ar chlár fhorbairt ghairmiúil do na scoileanna Gaeltachta.

Thug an tAire aitheantas don ról lárnach atá ag an gCoiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta agus don tacaíocht leanúnach agus comhairle luachmhar a thugann na baill chun tacú leis an bPolasaí a fheidhmiú go héifeachtach.

Ag deireadh na hóráide dúirt an tAire: “Tá dul chun cinn suntasach déanta go dtí seo. Guím gach rath ar na páirtithe leasmhara agus iad ag obair as lámha a chéile chun an Ghaeilge a athbheochan agus a chothú sa Ghaeltacht agus chun tacú le feidhmiú éifeachtach an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Mar a deirtear, ‘ní neart go cur le chéile’.”

Nótaí d’Eagarthóirí:
· Tá an Polasaí don Oideachas Gaeltachta, a foilsíodh i Meán Fómhair 2016 i ndiaidh comhairliúchán fairsing poiblí, á chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe thar thréimhse chúig bliana
· Is é príomhchuspóir an Pholasaí a chinntiú go mbíonn fáil ar oideachas ardchaighdeáin trí mheán na Gaeilge do mhuintir na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a chur chun cinn mar phríomhtheanga phobail na Gaeltachta. Tá níos mó eolais faoin bPolasaí ar fáíl tríd an nasc seo a leanas: Ceisteanna-Coitianta
· Cuireadh €2.3m ar fáil do chur i bhfeidhm an Pholasaí i 2018, ó mhilliúin euro sa bhliain 2017. Táthar ag súil le maoiniú breise suas go cúig mhilliún in 2019 chun tacú le feidhmiú ghníomhartha éagsúla an Pholasaí.
· Bunaíodh an Coiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta i Mí an Mhárta 2017 chun tacú le hobair an Aonaid um Oideachas Gaeltachta i bhfeidhmiú an Pholasaí trí chomhairle a thabhairt don Aonad.
· Tá raon leathan d’ionadaithe ó na páirtithe leasmhara agus ó eagraíochtaí agus gníomhaireachtaí Gaeilge ar an gCoiste. Is féidir eolas faoi bhallraíocht, téarmaí tagartha agus cruinnithe an Choiste a fheiceáil ar shuíomh gréasáin na Roinne tríd an nasc seo a leanas: Coiste-Comhairleach
· Is é an cruinniú ar an 28 Samhain 2018 an séú chruinniú den Choiste Comhairleach ó bunaíodh é in Márta 2017.