Foilsithe ar 

Ceapann Creed Grúpa Athbreithnithe neamhspleách um Cheadúnú Dobharshaothraithe

D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu ceapachán Ghrúpa Athbreithnithe neamhspleách um Cheadúnú Dobharshaothraithe chun athbreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas le haghaidh cheadúnú dobharshaothraithe agus ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann leis de réir beart a aithnítear i Food Wise 2025 agus i bPlean Náisiúnta Straitéiseach na hÉireann um Fhorbairt Inbhuanaithe Dobharshaothraithe.
Maidir leis an ngá le hathbhreithniú ar an bpróiseas ceadúnaithe reatha dúirt an tAire Creed “Baineann an-acmhainneacht lenár n-earnáil dobharshaothraithe chun a táirgeacht bhia mara a mhéadú go inbhuanaithe agus na deiseanna a n-éirionn as éileamh domhanda ar bhia mara sábháilte agus inbhuanaithe a ghlacadh. Tá se mar aidhm ag an bPlean Náisiúnta Straitéiseach na hÉireann um Fhorbairt Dobharshaothraithe Inbhuanaithe ardú inbhuanaithe 45,000 tona a bheith ar ár dtáirgeacht thar gach speiceas.
Chun an uaillmhian seo a bhaint amach, caithfimid athchóiriú a dhéanamh ar ár bpróiseas cheadúnú dobharshaothraithe agus ar an gcreat dlíthúil a bhaineann leis, chun go mbeidh comhlachtaí in ann cinneadh ar iarratais cheadúnas dobharshaothraithe a fháil laistigh de thréimsí atá go maith i gcomparáid lenár n-iomaitheoirí. Ach caithfimid bheith cinnte agus athruithe á ndéanamh againn, gur féidir le gach pháirtí leasmhar bheith rannpháirteach i bpróiseas trédhearcach ceadúnaithe agus bheith muiníneach go gcloínn aon chinneadh ceadúnaithe le gach riachtanas náisiúnta agus de chuid an AE agus go gcaomhnaíonn iad ár n-aigeáin do na ghlúinte atá romhainn.”
D’aithin idir Food Wise 2025 agus an Phlean Náisiúnta Straitéiseach fadhbanna leis an gcóras ceadúnaithe reatha agus mhol siad athbhreithniú neamhspleách chun na dúshláin reatha a scrúdú agus feabhsúcháin a mholadh de réir dea-chleachtais idirnáisiúnta.
Agus é ag cur fáilte roimh an nGrúpa Athbhreithnithe, thug an tAire Creed aitheantas do na scileanna agus taithí chuí atá ag na baill: “Is cúis áthais dom inniu fógairt bhúnú Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspléach de thriúr agus tá muinín agam go nglacfar iad mar dhaoine a bhfuil na scileanna, taithí agus macántacht acu chun an athbhreithnithe neamhspleácha seo a reachtáil ar bhealach gur féidir le gach páirtí leasmhar tacú leo. Ba mhaith liom buíochas a thabhairt do Mary Moylan, Ken Whelan agus Lorcán Ó Cinnéide as ucht glacadh le bheith ar an nGrúpa Athbhreithnithe agus tá mé ag tnúth lena moltaí maidir le cad atá le hathrú againn chun bonn iontaofa, inbhuanaithe agus éifeachtach cinnteoireachta a chur leis an earnáil chun a lán-chumas a chur chun tairbhe.”

Nóta d’Eagarthóirí:
D’fhaomh agus d’fhoilsigh an Rialtas an chéad Phlean Náisiúnta Straitéiseach um Fhorbairt Dobharshaothraithe Inbhuanaithe na hÉireann i mí Nollaig 2015. Mhol an plean seo 24 beart chun fhorbairt inbhuanaithe na hearnála dobharshaothraithe a chur chun cinn agus chun ardú 45,000 tona a chur leis an earnáil go inbhunaithe. Gealladh i mbearta amháin go ndéanfaidh an tAire “athbhreithniú ar an bpróiseas cheadúnú dobharshaothraithe reatha, an creat dlíthúil cuí san áireamh”.

I gcomhair bhia mara, geallann Food Wise 2025 “athbhreithniú neamhspleách ar an gcóras cheadúnú dobharshaothraithe, ina mbeidh gach eochairpháirtí leasmhar páirteach, chun lochtanna agus baic reatha (maidir le reachtaíocht, acmhainní agus loistíochta) a aithint, tuairisc a dhéanamh go luath sa bhliain 2016 agus aon athrú riachtanach ar an gcóras cheadúnú dobharshaothraithe a chur i bhfeidhm mar thosaíocht”.


D’éirigh Mary Moylan (Cathaoirleach) as a post mar Rúnaí Cúnta sa Roinn Comhshaoil sa bhliain 2014. Bhí Mary i gceannas ar na Rannóga um Phleanáil agus Oidhreacht Tógtha, um Ghnóthaí Corparáideacha agus um Fhorbairt Tuaithe na Roinne i ndiadh a chéile. Bhí roinn poist shinsearacha ag Mary i rith a saol oibre, san áireamh dualgais maidir le Beartas Comhshaoil Idirnáisiúnta, Pleanála agus Talamhúsáide agus níos luaithe dualgais Ataisé Comhshaoil ag Buanionadaíocht na hÉireann chuig na Comhphobail Eorpacha.

Is ollamh taca i Scoil na Bitheolaíochta agus Eolaíocht Comhshaoil sa Choláiste Ollscoile, BÁC é Ken Whelan PhD agus tá sé ina Stiúrthóir Taighde ag an tIontaobhas um Bhradán Atlantach freisin. Ba Stiúrthóir Feidhmeannach, le freagracht as dhobharshaothrú, i bhForas na Mara, Cathaoirleach an Bhord um Thaighde ar an mBradán Atlantach agus Cathaoirleach an Eagraíocht um Chaomhnú an Bhradáin Atlantaigh é Dr Walsh tráth. Is comhairleoir iascach mara agus fionnuisce féin-fostaithe é faoi láthair.

Is POF Chumann Próiseálaithe agus Easpórtálaithe Éisc na hÉireann, an comhlacht ionadaíoch náisúnta le haghaidh an thionscal próiseála bhia mara é Lorcan Ó Cinnéide. Is ball é de Bhord Fhoras na Mara, bord Chumann Próiseálaithe Éisc na hEorpa, an Coiste Comhairliúcháin um Chaomhnú Iascach Mara agus iar-bhall den Bhord Achomhairc um Cheadúnais Dobharshaothraithe é.
Is iad Téarmaí Tagartha an Ghrúpa Neamhspleách Athbhreithnite mar a leanas:

Athbhreithniú ar Phróiseas Cheadúnú Dobharshaothraithe
– Téarmaí Tagartha –
Ceapann an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara grúpa neamhspleách athbhreithnithe de thriúr chun athbhreithniú neamhspleách ar an bpróiseas cheadúnú dobharshaothraithe agus ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann leis a dhéanamh, de réir na aidhmeanna a bhfuil cur síos orthu thíos. Tá san áireamh sa Ghrúpa Neamhspleách Athbhreithnithe cathaoirleach agud beirt bhall agus cuireann an Roinn tacaíocht riaracháin ar fáil.

Aidhmeanna an Athbhreithnithe

Ag féachaint do bheartas Rialtais i leith fhorbairt inbhuanaithe dobharshaothraithe, mar atá achoimrithe i Food Wise 2025 agus sa Phlean Náisiúnta Straitéiseach um Fhorbairt Inbhuanaithe Dobharshaothraithe, beidh sé mar aidhm ag an gCoiste athruithe a aithint gur gá dóibh a dhéanamh ar an bpróiseas cheadúnú dobharshaothraithe agus ar an gcreat dlíthiúil a bhaineann leis chun:

1. Cinntí Ceadúnais a dhéanamh gan mhoill, ag féachaint do dhea-chleachtais idirnáisiúnta;
2. Tacaíocht a thabhairt chun gníomhartha agus tosaíochtaí Food Wise 2025 agus an Plean Náisiúnta Straitéiseach um Fhorbairt Inbhuanaithe Dobharshaothraithe a chur chun críche;
3. Trédhearcacht feabhsaithe sa phróiseas cheadúnú a éascú do gach pháirtí leasmhar;
4. Cinntí láidre dlí a chinntiú ag féachaint do reachtaíochta náisiúnta agus de chuid an AE.

Cuimsiú an Athbhreithnithe

Beidh an próiseas cheadúnú dobharshaothraithe ón gcéim roimh-iarratas go dtí an cinneadh ceadúnais san áireamh san athbhreithniú. Beidh gach iarratas ar cheadúnas faoi reachtaíocht reatha san áireamh, ceadúnais dobharshaothraithe, ceadúnais tástála, athbhreithnithe ar cheadúnas nó athnuachaintí ceadúnais. Rachaidh an Grúpa Neamhspleách Athbhreithnithe i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus cuirfidh sé a gcuid tuairim san áireamh agus a tuarascáil deiridh á dhéanamh acu.

Fad an Athbhreithnithe
Cuirfidh an Grúpa Neamhspleách Athbhreithnithe a tuarascáil, a bheidh ina tuairisc chruinn le gníomhartha molta, faoi bhráid an Aire laistigh de 4 mí.