Foilsithe ar 

Cistiú de €400,000 á fhógairt ag an Aire chun bailiúchán Leabharlann Marsh a chosaint agus a chaomhnú

Tá sé fógartha ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, go bhfuil €400,000 de chistiú caipitil á chur ar fáil aici do Leabharlann Marsh lena chinntiú go gcosnófar an bailiúchán uathúil seo de 25,000 leabhar, ón 17ú agus 18ú haois agus fiú roimhe sin. Úsáidfear an cúnamh deontais le haghaidh bearta lena n-áirítear taisdíonadh agus córas ceo-chóireála coiscthe dóiteáin.

Ba é an tArdeaspag Narcissus Marsh (1638-1713) a bhunaigh Leabharlann Marsh go luath san ochtú céad déag. Deartha ag Sir William Robinson (a cailleadh in 1712), Ard-Shuirbhéir na hÉireann, tá sé ar cheann den bheagán foirgneamh ón 18ú céad atá fágtha i mBaile Átha Cliath agus atá á úsáid go fóill dá bhunfheidhm. Coinnítear cuid mhór de na bailiúcháin sa Leabharlann go fóill ar na seilfeanna a dháil Marsh agus Elias Bouhéreau, an chéad leabharlannaí, dóibh nuair a osclaíodh an Leabharlann.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Is seod cultúrtha é Leabharlann Marsh, i Lár Chathair Bhaile Átha Cliath, ar ar thug níos mó ná 24,000 duine cuairt anuraidh. Ó tharla tábhacht a bailiúcháin, tá lúcháir orm bheith in ann an €400,000 seo de chistiú a chur ar fáil chun cabhrú le cosaint agus caomhnú leabhair uathúla na Leabharlainne.

"Níor athraíodh taobh istigh na leabharlainne, lena leabhragáin álainne déanta de dhair dhorcha, mórán ó tógadh í trí chéad bliain ó shin. Is sampla den scoth é de leabharlann ó dheireadh an Renaissance agus tús Ré na hEagnaíochta. Cabhróidh an deontas caipitil seo lena chinntiú go gcosnófar bailiúchán Marsh ar mhaithe le taitneamh agus oideachas chuairteoirí agus ghúine amach anseo.”