Foilsithe ar 

Cuireann an tAire Humphreys tús le sraith rannpháirtíochta le pobail na tuaithe ar an bPlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., ag cur tús inniu (Dé hAoine) le sraith de rannpháirtíochtaí struchtúrtha le pobail na tuaithe ar Fhíorú Acmhainneacht na Tuaithe, Plean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe. Áiríonn an Plean Gníomhaíochta, a foilsíodh i mí Eanáir, roinnt príomhspriocanna, lena n-áirítear cruthú 135,000 post lasmuigh de Bhaile Átha Cliath faoi 2020, athbheochan 600 baile agus sráidbhaile thar thrí bliana agus borradh 12% faoin turasóireacht tuaithe.

Beidh an tAire Humphreys ag bualadh le príomhphearsanra sna hÚdaráis Áitiúla agus iad siúd atá ag obair ar an talamh faoin tuath in Éirinn chun plé a dhéanamh ar na fadhbanna atá le sárú ag pobail na tuaithe agus an bealach ar féidir le Plean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe cuidiú chun an leas is fearr a bhaint as a n-acmhainneacht. Tapóidh sí an deis freisin cuairt a thabhairt ar thionscadail rathúla forbartha tuaithe ar fud na tíre chun dea-chleachtas i gceantair tuaithe a fheiceáil.

Tá an chéad cheann de na cruinnithe sin ar siúl inniu i gCo. Mhuineacháin. Tá an tAire Humphreys ag bualadh le Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Mhuineacháin, Eamonn O’Sullivan, agus príomhbhaill dá fhoireann, lena n-áirítear an Fhoireann Chultúir nuabhunaithe agus an tOifigeach Leathanbhanda.

Tabharfaidh an tAire Humphreys cuairt ar Chaisleán Hope agus ar Loch Mhucnú chun feiceáil conas is féidir le tionscadail nuálacha tionchar dearfach a imirt ar phobail na tuaithe; ar bhealach eacnamaíoch agus sóisialta. Tá an tAire Humphreys ag tabhairt cuairt freisin ar Bio-Marine Ingredients Ltd a fuair deontas suntasach mar chuid de na deontais EMFF €1.8m do na hEarnálacha Próiseála Bia Mara agus Dobharshaothraithe, a d’fhógair an tAire Talmhaíochta agus Bia, Michael Creed T.D., le déanaí.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá an-áthas orm tús a chur leis an tsraith rannpháirtíochtaí seo i Muineachán, áit a bhfuil roinnt dea-shamplaí den bhealach is féidir le pobail na tuaithe leas a bhaint as tionscadail nuálacha. Thacaigh mo Roinnse le hathchóiriú Theach Geata Chaisleán Hope agus le feabhsú na n-áiseanna ag Loch Mucnú agus tá sárdheiseanna turasóireachta agus eacnamaíocha cruthaithe acu seo don cheantar máguaird.

"Tá 25 post á gcruthú i monarcha nua Bio-Marine i bPáirc Bia Loch Éigis agus tá pleananna uaillmhianacha ag an gcuideachta don todhchaí tar éis dóibh deontas de €510,000 a fháil ón Roinn Talmhaíochta. Tá an cur chuige seo thar a bheith tábhachtach dár straitéis do cheantar tuaithe na hÉireann; trí thacú le cruthú poist inbhuanaithe, fhadtéarmacha, táimid ag cur tuilleadh deiseanna ar fáil do dhaoine chun maireachtáil agus chun oibriú i gceantair tuaithe.

“In éineacht le hAmbasadóir Tuaithe an Rialtais, Pat Spillane, tá súil agam cuairt a thabhairt ar a mhéid ceantar tuaithe is féidir sna míonna atá amach romhainn, chun labhairt le hÚdaráis Áitiúla agus le páirtithe leasmhara eile faoinár gcur chuige comhordaithe i dtaca le ceantar tuaithe na hÉireann. Cé gur chas mé le Príomhfheidhmeannaigh na nÚdarás Áitiúil in éineacht roinnt uaireanta chun an Plean Gníomhaíochta a phlé, is fiú go mór dul amach ar an talamh agus bualadh leis an pobail áitiúla. Cur chuige ón talamh aníos atá sa Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe; táimse ag iarraidh tacú le pobail tuaithe chun díriú ar a láidreachtaí, fiontair inbhuanaithe a chothú agus an leas is fearr is féidir a bhaint as a n-acmhainneacht tuaithe.