Foilsithe ar 

Deontas suas le €54,120 ceadaithe ag an Aire Stáit McHugh do Choiste Halla Éinne, An Cheathrú Rua, don obair deartha ar athchóiriú/atógáil an Halla

D’fhógair Joe McHugh T.D., Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, inniu, 12 Meán Fómhair, go bhfuil deontas suas le €54,120 ceadaithe aige do Choiste Halla Éinne, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe, le cur ar chumas an Choiste comhairleoirí a cheapadh le tabhairt faoin obair a bhaineann le réimse seirbhísí deartha i leith obair athchóirithe/atógála atá i gceist acu a dhéanamh ar an halla.

Is mar Ionad Ealaíne agus Oidhreachta atá sé i gceist ag an gCoiste an Halla agus an suíomh mórthimpeall air a fhorbairt amach anseo, le béim curtha ar chúrsaí Gaeilge, cultúrtha, ealaíne, oidhreachta agus óige.

Is i gcomhréir leis an ngealltanas atá tugtha i leith an Chláir Tacaíochtaí Pobail agus Teanga faoi Ghníomhartha 2.13, 2.21, 2.22 agus 5.48 de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022 an Rialtais don Ghaeilge, a seoladh i Meitheamh 2018, atá an deontas seo á cheadú.

Tá súil agam go gcuideoidh an deontas leis an choiste gníomhach seo an togra a bhrú chun cinn,

a dúirt an tAire Stáit McHugh. 

Beidh áis den scoth ar fáil amach anseo don phobal láidir Gaeltachta seo agus is cinnte go gcuideoidh sé le cuairteoirí a mhealladh chuig an cheantar fosta.