Foilsithe ar 

Fógraíonn an tAire Humphreys go bhfuil Jesse Jones chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag an 57ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ealaíne 

D'fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys T.D., inniu (Dé Máirt) go bhfuil Jesse Jones roghnaithe chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag an 57ú Taispeántas Idirnáisiúnta Ealaíne sa Veinéis. Is tionscnamh de chuid Chultúr Éireann é Éire sa Veinéis, i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon.

 

Le cleachtas atá fréamhaithe sa scannánaíocht agus sa taibhiú, tá Jones ag cruthú saothar ealaíne dar teideal Tremble Tremble, agus a gcuireann sí síos air mar ‘ealaín dhubh’ ar an gcóras breithiúnach. Gluaiseacht Iodálach sna 1970idí is bun leis an teideal.  Gháir mná agus iad ag iarraidh tuarastal as obair tí: ‘Tremate, tremate, le streghe sono tornate! (Crithigí, crithigí, tá na cailleacha tagtha ar ais!)’ Tá Jones ag comhoibriú leis an ealaíontóir amharclannaíochta Olwen Fouéré, agus leis an ealaíontóir fuaime Susan Stenger, atá ag cruthú saothar ealaíne i dteannta a chéile a shíneann trasna an phubaill mar chineál pictiúrlann leathnaithe.

 

Agus í ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tAire Humphreys:

Tá Jesse Jones ag dul ar liosta de shárealaíontóirí a bhfuil ionadaíocht déanta acu thar ceann na hÉireann ag Biennale na Veinéise agus tá mórchlú idirnáisiúnta bainte amach ag mórán acu sin ó shin. Tá a fhios agam go bhfuil aithne mhór ar Jess ar fud an domhain cheana féin agus tá súil agam go spreagfaidh a taispeántas sa Veinéis, Tremble Tremble, an tsuim idirnáisiúnta atá tuillte aige agus go gcuirfidh sé leis na deiseanna idirnáisiúnta a bheidh aici.

 

“Tá Biennale na Veinéise ar cheann de na taispeántais idirnáisiúnta is tábhachtaí do na hamharcealaíona agus le céad bliain anuas agus tá thart ar 400,000 duine tar éis cuairt a thabhairt air le blianta beaga anuas, rud a chruthaíonn deis iontach d’ealaíontóirí na hÉireann. Is é Biennale na Veinéise an ceangaltas airgeadais is mó atá ag Cultúr Éireann agus iad ag cur amharcealaíontóirí ar taispeáint go hidirnáisiúnta agus is é an ceangaltas is mó é ag an gComhairle Ealaíon agus iad ag forbairt cleachtas idirnáisiúnta amharcealaíontóirí.”

 

Dúirt Tessa Giblin, Coimeádaí thaispeántas na bliana seo:

“Ba ionann a bheith ag obair le Jesse Jones le bliain anuas agus muid ag tógáil an tionscnaimh seo don Veinéis, is a bheith ag obair le healaíontóir a bhfuil a taighde eicléicteach ag doirteadh amach sa Phuball.  Is iomaí saothar ealaíne a dhéantar agus a bheachtaítear i sábháilteacht an stiúideo nó i suite eagarthóireachta, ach déanfar an eagarthóireacht agus an meascadh ar Tremble Tremble ar an suíomh, sa seomra, cosúil le pictiúrlann leathnaithe. Tá Tremble Tremble ag cur saothar ar fáil dúinn atá neadaithe i dtaighde agus i bhfionnachtana stairiúla, ach is cruthúchán an-phearsanta, fantaiseach é ag an am céanna.”

 

Tá taighde déanta ag Jesse Jones ar na bealaí a dtarchuireann an dlí cuimhne idir na glúine agus thar thréimhse ama. Sníonn a taighde idir tochailt seandálaíochta eiseamal mná atá 3.5 milliún bliain d’aois, go guthanna ceilte thrialacha na gcailleach san Eoraip sa 16ú haois, na trialacha simfiseatóime, agus reachtaíocht an ghinmhillte in Éirinn sa lá atá inniu ann. Suaitheann an t-ord domhanda nua atá in Tremble Tremble fianaise, ráitis fhoilsithe agus liricí nua ina ortha buacach colainne.

 

Ó 2005 tacaíonn Cultúr Éireann agus an Chomhairle Ealaíon i gcomhpháirt le hionadaíocht na hÉireann ag Biennale na Veinéise ó tharla an t-ardán leanúnach a thugann sé d’ealaíontóirí agus iad ag díriú ar lucht féachana idirnáisiúnta, lena n-áirítear beagnach 100,000 coimeádaí agus lucht gailearaithe, chomh maith leis an suntas a bhaineann leis d'fhorbairt ealaíontóirí agus coimeádaithe.