Foilsithe ar 

Iarrann an tAire McHugh ar chainteoirí Gaeilge cur isteach ar chomórtais earcaíochta don Státseirbhís agus do phoist mar aistritheoirí san AE

Tá fáilte curtha ag Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh T.D., roimh an méadú atá tagtha le déanaí ar líon na bhfolúntas poist atá ann faoi láthair a bhfuil sé mar riachtanas acu go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag iarratasóirí.  

D’fhógair an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí comórtas d’Oifigigh Chléireachais le Gaeilge sa Státseirbhís le déanaí. Tá an comórtas sin oscailte do chainteoirí líofa Gaeilge ar mian leo a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. Mhol an tAire Stáit gur cheart d’iarratasóirí le Gaeilge ó cheann ceann na tíre cur isteach ar an gcomórtas sin.

Tagann an comórtas seo d’Oifigigh Chléireachais sna sála ar an gcomórtas EPSO do 72 Aistritheoir Gaeilge in Institiúidí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil agus i Lucsamburg a sheol an tAire Stáit McHugh le déanaí. Is léiriú eile é seo ar an méadú atá tagtha ar líon na ndeiseanna fostaíochta atá ann le déanaí do phobal na Gaeilge.

Agus an próiseas reachtúil pleanála teanga don Ghaeltacht faoi lán seoil anois, beidh gá le breis agus 30 Oifigeach Pleanála Teanga a earcú sna blianta amach romhainn freisin. Ceapadh an céad Oifigeach Pleanála Teanga, Micheál Mac Aodh, i Limistéar Pleanála Teanga Ghaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir i gContae Dhún na nGall le déanaí.  Cuirfidh an borradh seo i ndeiseanna fostaíochta do chainteoirí Ghaeilge go mór le stádas na teanga, go háirithe i measc an aosa óig a thuigfidh go bhfuil agus go mbeidh deiseanna ann dóibh a dteanga a úsáid ina saol oibre agus freisin go mbeidh deiseanna ann dóibh an Ghaeilge a úsáid chun gairmeacha beatha a fhorbairt dóibh féin.

Agus é ag cur fáilte roimh an dul chun cinn dearfach seo, dúirt an tAire Stáit McHugh:

Is léir go bhfuil éileamh ann go gcuirfí seirbhísí poiblí ar fáil i nGaeilge a bheadh ar chomhchéim le seirbhísí atá ar fáil i mBéarla. Luíonn sé seo le cuspóir foriomlán Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) atá á dhréachtú faoi láthair ina ndéantar foráil gur cainteoirí Gaeilge a bheidh i 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí, gur trí Ghaeilge a fheidhmeoidh gach oifig phoiblí atá suite sa Ghaeltacht, agus go mbeidh eagraíochtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ar sheirbhísí i nGaeilge ón bpobal.   Tá mo Roinnse, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, ag obair i gcomhar leis an Roinn Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe agus leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, chun an comórtas d’Oifigigh Chléireachais, atá dírithe ar chainteoirí Gaeilge, a bhrú chun cinn. Táthar ag súil leis freisin go mbeidh comórtais shonracha eile le haghaidh gráid éagsúla á reáchtáil do chainteoirí Gaeilge amach anseo, agus is dul chun cinn thar a bheith dearfach é seo do chainteoirí Gaeilge agus freisin do dhaoine a bhfuil seirbhísí poiblí i nGaeilge á lorg acu.   Tá mo Roinn ag obair i ndlúthchomhar leis an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) freisin chun a comórtas d’Aistritheoirí Gaeilge a mbeidh ról tábhachtach acu sa tionscadal na hEorpa sa bhlianta atá amach romhainn a bhrú chun cinn.  Impím ar dhaoine, dá bhrí sin, iad fhéin a chur ar an eolas maidir leis na deiseanna atá ar fáil agus iarratais a dhéanamh ar na poist seo.

Tá  feachtas feasachta a reáchtáil cheana féin ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta a bhfuil sé mar aidhm aige eolas maidir leis na poist seo a scaipeadh i measc phobal na Gaeilge. Le roinnt blianta anuas, tá an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag obair go réamhghníomhach chun sruth iarratasóirí a sholáthar do na poist seo in Éirinn agus in institiúidí an Aontais Eorpaigh.  Áirítear na nithe seo a leanas i measc na dtionscnamh i ndáil leis seo:

  •        Bhunaigh an Roinn, i gcomhpháirtíocht leis an earnáil tríú leibhéil, Ionad Barrfeabhais do Ghairmeacha Gaeilge san AE;
  •        Tá €1 milliún in aghaidh na bliana á infheistiú ag an Roinn i gcúrsaí Gaeilge faoin Tionscnamh Ardscileanna Gaeilge;
  •        Tá feachtas feasachta á reáchtáil i scoileanna dara leibhéil ar na suíomhanna gairme saoloibre.ie agus careersportal.ie;
  •        Tá maoiniú á sholáthar do Chonradh na Gaeilge chun seó bóthair a chur ar siúl i scoileanna dara leibhéil agus in institiúidí tríú leibhéil chun béim a leagadh ar dheiseanna gairme do chainteoirí Gaeilge;
  •        Tá póstaer maidir le gairmeacha le Gaeilge á dháileadh ar scoileanna dara leibhéil na tíre; agus,
  •        Tá eolas maidir le folúntais phoist á scaipeadh ar ghréasáin cainteoirí Gaeilge atá ag an Ionad Bharrfheabhais do Ghairmeacha san AE agus ag eagraíochtaí eile atá ag feidhmiú san earnáil ar nós Conradh na Gaeilge, Óstaí an Rí agus publicjobs.ie.

Aithníonn an tAire Stáit McHugh go bhféadfadh sé a bheith dúshlánach teacht ar dhaoine a chuirfidh isteach ar na poist seo, ach a bhuí leis na tionscaimh thuasluaite, tá muinín aige go gcuirfidh líon dóthanach cainteoirí Gaeilge isteach orthu. 

Nóta do na hEagarthóirí

Is féidir tuilleadh eolais maidir leis an dá chomórtas a fháil ar na suíomhanna gréasáin seo a leanas:

Oifigigh Chléireachais: https://www.publicjobs.ie/  Spriochdháta: 16ú Lúnasa 2018

Aistritheoirí Gaeilge: https://epso.europa.eu/  Spriochdháta: 4ú Meán Fómhair 2018