Foilsithe ar 

Leas le baint as pacáiste infheistíochta de €4.8 milliún ag begnach 570 tionscadal oidhreachta ar fud na tíre - an tAire Humphreys

Leis na scéimeanna, déanfar €11 milliún de chistiú príobháideach a ghiaráil agus tacófar le poist sna hearnálacha caomhantais agus foirgníochta

D’fhógair an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, inniu (Dé Céadaoin) go roinnfear pacáiste infheistíochta de luach €4.8 milliún ar 569 tionscadal oidhreachta ar fud na tíre mar chuid den Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha agus an Ciste um Struchtúir i mBaol do 2017. Is gealltanas in Fíorú ár nAcmhainneacht Tuaithe: an Plean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe é cistiú a chur ar fáil faoi na scéimeanna seo.

Tá €3.5 milliún á chur ar fáil faoi Scéim na hinfheistíochta Oidhreachta 2017 agus tá €1.3 milliún á sholáthar faoin gCiste um Struchtúir i mBaol 2017 chun caomhnú agus deisiú struchtúr faoi chosaint ar fud na tíre a éascú. Táthar ag súil leis go ndéanfaidh na scéimeanna níos mó ná €11 milliún de chistiú príobháideach a ghiaráil chomh maith le fostaíocht nach beag a ghineadh sna tionscail chaomhantais agus foirgníochta.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tacóidh an infheistíocht seo lenár bhfoirgnimh oidhreachta agus poist san earnáil chaomhantais a chaomhnú ar fud na tíre. Leis an infheistíocht de €4.8 milliún déanfar €11 milliún breise de chistí ón earnáil phríobháideach a ghiaráil agus spreagfar tionscadail dhlúthfhostaíochta ar bhonn náisiúnta.

“Is cuid ríthábhachtach iad foirgnimh oidhreachta agus struchtúir faoi chosaint na hÉireann d’infreastruchtúir ár sráidbhailte, ár mbailte agus ár gcathracha. Aithnítear sa Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe an tábhacht a bhaineann le hinfheistiú in oidhreacht thógtha mar uirlis do hathghiniúint an cheantair tuaithe agus mar gheall ar an téarnamh geilleagrach tá mé in ann an leibhéal cistiúcháin atá ar fáil a mhéadú. Ní hamháin go dtéann infheistíocht inár n-oidhreacht thógtha chun tairbhe do na réadmhaoine aonair iad féin, ach is féidir léi freisin borradh a chur faoi chruthú post sna hearnálacha foirgníochta, caomhantais agus turasóireachta.

“Bainfidh raon leathan réadmhaoine i ngach contae ar fud na tíre leas as an gcistiú i mbliana, lena n-áirítear tithe cónaithe, tithe cathracha, stáisiúin traenacha, séipéil, tithe móra agus foirgnimh eile atá liostaithe. “Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don méid atá déanta ag na hÚdaráis Áitiúla agus iad ag glacadh go fonnmhar leis na scéimeanna seo, a mbeidh dea-thionchar acu ar struchtúir faoi chosaint ar fud na tíre. Tá lúcháir orm freisin mar gheall ar fhreagairt úinéirí príobháideacha agus a dtoilteanas cistí príobháideacha suntasacha comhfhreagracha a scaoileadh ar mhaithe lenár n-oidhreacht thógtha.”