Foilsithe ar 

Plean Nua Bainistiú Caomhantais don Traonach le forbairt do Limistéar faoi Chosaint Speisialta an Fháil Charraigh go Mín Lárach

Tá fógartha ag Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil plean nua bainistíochta á fhorbairt aici chun bealach chun cinn a dhearadh do chaomhnú an Traonaigh i Limistéar faoi Chosaint Speisialta (SPA) an Fháil Charraigh go Mín Lárach i gContae Dhún na nGall.

Forbrófar an plean i gcomhairliúchán iomlán leis an bpobal áitiúil agus le húinéirí talún. Bhí an traonach go forleathan fadó ach níl sé le fáil in Éirinn níos mó ach ar chósta thuaidh Dhún na nGall agus san iarthar i Maigh Eo agus i gConamara.

Comhoibreoidh Seirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) na Roinne le hIontaobhas na nIolar Fíréan, a bhfuil taithí leathan acu ar oibriú le pobail áitiúla ar chúrsaí caomhantais. Reáchtálfar comhairliúcháin sna míonna atá amach romhainn agus eiseofar dréachtphlean i gcomhair tuairimí sula bhfoilseofar an leagan críochnaitheach.

An Dr. Barry O'Donoghue ón SPNF:
“Tá sé an-tábhachtach don SPNF go mbeadh cead cainte ag daoine áitiúla maidir le conas ar cheart an Limistéar faoi Chosaint Speisialta seo a bhainistiú don Traonach. Tríd an bpróiseas comhairliúcháin seo, tá súil againn plean inoibrithe bainistíochta a fhorbairt don cheantar a rachaidh chun sochar do na daoine áitiúla agus don traonach. Cinnteoidh sé seo go gcosnófar agus go bhfeabhsófar oidhreacht nádúrtha an cheantair, chomh maith lena oidhreacht chultúrtha, shóisialta agus theangeolaíoch.