Foilsithe ar 

Scéim €11 mhilliún do Bhonneagar Áineasa Faoin Aer á sheoladh ag an Aire Ring do 2017

D’fhógair an tUasal Michael Ring T.D., an tAire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha,Tuaithe agus Gaeltachta, sonraí de chistiú €11 mhilliún inniu (28 Aibreán 2017) do Bhonneagar Áineasa Faoin Aer mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe.

Faoin Scéim um Bonneagar Áineasa Faoin Aer, cuirfear cistiú ar fáil chun bonneagair áineasa faoin aer a fhorbairt agus do chothabháil, feabhas nó cur chun cinn riachtanach an bhonneagar áineasa faoin aer atá i gceantair thuaithe ar fud na hÉireann cheana féin.

Cuirfear Scéim 2017 i bhfeidhm thar thréimhse suas le 15 mhí chun go gcuirfear tionscadail straitéiseacha níos mó, ach go háirithe, i bhfeidhm go héifeachtach. Déanfar iarratais suas le luach €11 mhilliún a cheadú i mbliana.

Agus é ag seoladh an scéim inniu, dúirt an tAire Ring:
“Tá lúcháir orm a bheith in ann €11 mhilliún de mhaoiniú a fhógairt; maoiniú a chinnteoidh go ndéanfar cothabháil ar na saoráidí áineasa atá ann cheana féin agus go bhforbrófar roinnt saoráidí nua faoin aer in áiteanna ar fud na tíre. Leis na saoráidí agus áiseanna a mhaoineofar tríd an scéim seo cruthófar eispéiris níos fearr do chuairteoirí ar cheantair thuaithe, feabhsófar an méid atá ar fáil do thurasóirí agus tacófar le forbairt inbhuanaithe eacnamaíoch i gceantair thuaithe. Cuirfidh saoráidí feabhsaithe áineasa freisin le caighdeán maireachtála na ndaoine atá ina gcónaí sna ceantair tacaithe, nó gar dóibh.

Tá an cistiú mar chuid de Phlean Gníomhaíochta an Rialtais um Fhorbairt Tuaithe agus treisíonn sé tiomantas an Rialtas do thacú le ceantar tuaithe na hÉireann. Beidh cistiú ar fáil do raon tionscadal, ó thionscadail bheaga áitiúla go tionscadail mhóra straitéiseacha. Eiseoidh mo Roinn sonraí uile na scéime chuig na hÚdaráis Áitiúla go léir sna laethanta atá amach romhainn. Fógrófar na hiarratasóirí ar éirigh leo faoi dheireadh mhí Mheithimh agus beifear ag dréim leis go gcuirfear tús leis na tionscadail gan mhoill ina dhiaidh sin.”

Chuir an tAire Ring lena chuid cainte:
“Is réimse suntasach fáis í an turasóireacht áineasa agus mar gheall ar na hacmhainní nádúrtha atá ar fáil againn anseo in Éirinn tá acmhainneacht iontach againn leas a bhaint as na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann leis an gcineál seot urasóireachta. Is príomhcholún den Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe é an Turasóireacht Ghníomhaíochta a mhéadú agus tá sé cruthaithe go bhfeabhsaítear folláine fhisiciúil agus intinne trí ghníomhaíochtaí áineasa. Déanfaidh na cineáil saoráidí a mhaoineofar tríd an scéim seo na radharcanna álainne agus na háiteanna iontacha atá le fáil in Éirinn a chur ar taispeáint freisin.”