Foilsithe ar 

Seolann Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an comhairliúchán poiblí ar Oidhreacht Éireann 2030 - plean nua náisiúnta oidhreachta d’Éirinn

Sheol Josepha Madigan, an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, an próiseas comhairliúcháin phoiblí inniu ar an bplean oidhreachta nua d’Éirinn, Oidhreacht Éireann 2030. Príomhghealltanas atá sa phróiseas seo sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta.

Dúirt an tAire Madigan:

Tá gliondar croí orm seoladh an chomhairliúcháin phoiblí ar Oidhreacht Éireann 2030 - plean nua náisiúnta oidhreachta d’Éirinn a fhógairt. Déanann an oidhreacht nádúrtha agus thógtha timpeall orainn ár saol a shaibhriú, ár n-éachtaí a spreagadh agus beatha a bhronnadh ar ár bpobail. Buntacaíonn sé lenár gcultúr, ár ngeilleagar agus ár sochaí.

Is simplí dár bhfís don oidhreacht - go léirítear luach ar an oidhreacht agus go gcosnaítear é. Tógfar Oidhreacht Éireann 2030 timpeall ar an bhfís sin: go mbeidh an bealach a shainaithnímid agus a chosnaímid ár n-oidhreacht a fheabhas agus is féidir leis a bheith.

Déanfaidh Oidhreacht Éireann 2030 – a bheidh bunaithe timpeall ar thrí théama de cheannaireacht náisiúnta; tacú le comhpháirtíochtaí níos láidre oidhreachta; agus rannpháirtíocht phobail agus áitiúil a fhorbairt san oidhreacht – tosaíochtaí agus infheistíocht oidhreachta an Rialtais a threorú sna deich mbliana amach romhainn agus ina dhiaidh sin, an gealltanas €285 milliún san áireamh d’oidhreacht i bplean infheistíochta 10 mbliana na Roinne, Infheistiú inár gCultúr, Teanga agus Oidhreacht 2018 – 2027, a seoladh in Aibreán 2018.

Ag imeacht an tseolta i gCartlann Ailtireachta na hÉireann i gCearnóg Mhuirfean, spreag an tAire Madigan gach duine a dtuairim a nochtadh maidir le tosaíochtaí oidhreachta a mhúnlú do na deich mbliana atá amach romhainn:

Comhfhreagracht agus comhthaisce is ea ár n-oidhreacht. Is gá dúinn oibriú as lámh a chéile ar leibhéal náisiúnta, áitiúil agus pobail chun cúram a dhéanamh de agus a acmhainneacht amach anseo a shaothrú. Mar sin, tugaim cuireadh duit chun do pháirt a ghlacadh i dtodhchaí ár n-oidhreachta agus do thuairim a nochtadh i rith na tréimhse comhairliúcháin seo.

Nóta D'Eagarthóirí

Tá sonraí breise, an cháipéis chomhairliúcháin ina measc, ar fáil ag www.chg.gov.ie/heritage/heritageireland2030

  • Is é cuspóir an imeachta i gCartlann Ailtireachta na hÉireann tosú próiseas comhairliúcháin phoiblí a fhógairt ar phlean nua náisiúnta oidhreachta - Oidhreacht Éireann 2030 - ina leagfar amach aidhmeanna agus beartais ardleibhéil an Rialtais sa limistéar seo don tréimhse a fhad le 2030. 
  • Foilsíodh an Plean Oidhreachta Náisiúnta deireanach in 2002 agus áirítear sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta gealltanas chun Plean Oidhreachta Náisiúnta a fhorbairt agus a fhoilsiú.
  • Le míonna beaga anuas, rinne grúpa stiúrtha roinne idirchaidreamh le príomhpháirtithe leasmhara chun cabhrú le breac-chuntas achomair a dhréachtú ar phlean a bheidh ag tabhairt faoi chomhairliúchán poiblí anois chun tuairimí gach duine a lorg.
  • Bunófar an plean oidhreachta nua ar thrí théama:
  • 4. Ceannaireacht agus Oidhreacht Náisiúnta (creat beartais agus rialála)
  • 5. Comhpháirtíochtaí Oidhreachta (ar gach leibhéal – eagraíochtaí neamhrialtasacha, Údaráis Áitiúla, Gnólachtaí)
  • 6. Pobail agus Oidhreacht (rannpháirtíocht phoiblí agus tacaíocht do phobail)
  • Sonraítear sraith dréachtchuspóirí faoi gach Téama sa cháipéis chomhairliúcháin. Tá cuireadh á thabhairt ag an Roinn anois do thuairimí fúthu seo chun cabhrú leis na cuspóirí siúd agus an straitéis a mhúnlú. Cuirfear Plean Gníomhaíochta i dtoll a chéile faoi gach Téama. I gcaitheamh shaolré an Phlean, beidh athbhreithniú rialta ar chuspóirí tábhachtach agus sonraítear sonraí faoin athbhreithniú sin agus sonraítear céim an chuir i bhfeidhm agus an tsoláthair sa cháipéis seo.
  • Beartaítear anois chun tús a chur le próiseas comhairliúcháin phoiblí ar scála leathan agus marthanach leis na páirtithe leasmhara ábhartha go léir. 
  • Áireofar leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí seo na meáin dhigiteacha agus shóisialta agus sraith ceardlanna réigiúnacha sna míonna amach romhainn, a eagrófar i gcomhoibriú leis na príomh-chomhpháirtithe oidhreachta a gcuirfear fóram oidhreachta náisiúnta i mBaile Átha Cliath ar bun dá thoradh sin i ndiaidh Fheabhra 2019 óna n-eascróidh go gcuirfear dréachtú an Phlean Oidhreachta nua i gcrích.
  • I measc na ndaoine a dtabharfar cuireadh dóibh freastal ar an imeacht seolta, beidh réimse fairsing de pháirtithe leasmhara agus comhpháirtithe, a chuimsíonn gach gné den spás oidhreachta tógtha agus nádúrtha. Tugadh cuireadh do na heagraíochtaí siúd go léir a ndearna an Roinn idirchaidreamh leo le míonna beaga anuas chun cabhrú leis na téamaí fairsinge agus na cuspóirí a chruthú a dtugtar cuntas orthu sa cháipéis Chomhairliúcháin.