Foilsithe ar 

Taifid an-spéisiúla ar chaidrimh Angla-Éireannacha ar fáil ar líne anois - an tAire Humphreys

Áthas ar an Aire Humphreys go bhfuiltear ag leanúint leis an gcomhpháirtíocht idir an Chartlann Náisiúnta agus CAIN

Tá sé dearbhaithe ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, go bhfuil taifid de chaidrimh Angla-Éireannacha ó 1975-1980 a bhí rúnda roimhe seo ar fáil anois ar líne. Tá níos mó ná 920 doiciméad curtha anois leis an suíomh gréasáin Conflict Archive on the Internet (CAIN) mar chuid de chomhpháirtíocht leanúnach ina bhfuil Ollscoil Uladh agus an Chartlann Náisiúnta páirteach.

Tá eolas san ábhar nuascaoilte, le taobh nithe eile, ar iarmhairt Stailc Chomhairle Oibrithe Uladh sa bhliain 1974; an Stailc Ocrais Phoblachtánach i 1980; chomh maith le forbairtí i gcaidrimh Angla-Éireannacha as a d’eascair an cruinniú mullaigh idir Haughey agus Thatcher i mí na Nollag 1980. Baineadh na míreanna a roghnaíodh ón ábhar atá scaoilte faoin riail 30 bliain ach nár cuireadh ar fáil ar líne go dtí anois.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Tá na cáipéisí seo, a choinnítear sa Chartlann Náisiúnta, á ndigitiú anois sa dóigh is go mbeifear in ann iad a chur ar fáil ar líne. Tugann siad léargas iontach dúinn ar an bhfreagairt oifigiúil ar na himeachtaí a thit amach i dTuaisceart Éireann sna 1970idí tráth a raibh cursaí polaitíochta suaite go mór.

“Leis na cáipéisí is deireanaí seo táthar ag cur le rogha taifead a chuir CAIN agus an Chartlann Náisiúnta ar fáil i mí Dheireadh Fómhair 2012, agus rogha eile cáípéisí a cuireadh ar fail i mí na Samhna 2013. Táthar ag dréim leis go gcuirfidh an bhaisc is deireanaí seo de thaifid acmhainn luachmhar ar líne ar fáil do thaighdeoirí atá ag lorg eolais ar choimhlint agus polaitíocht Thuaisceart Éireann ó 1965 go 1980.

“Tá comhghairdeas ag dul do CAIN agus don Chartlann Náisiúnta as tabhairt faoin obair leanúnach seo, le cistiú ó Chiste Athmhuintearais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, leis an acmhainn dhigiteach seo a chur ar fáil do lucht léitheoireachta níos mó. Táthar ag súil leis go gcabhróidh an acmhainn le tuiscint níos fearr a chothú ar an gcoimhlint i dTuaisceart Éireann.”

Bhí an méid seo le rá ag an Dr Brendan Lynn, Leas-Stiúrthóir CAIN Ollscoil Uladh:
“Tá an-áthas ar Ollscoil Uladh agus CAIN bheith in ann leanúint lenár gcomhobair leis an gCartlann Náisiúnta agus an méid atá ann faoi láthair a nuashonrú le hábhar a chlúdaíonn forbairtí suas go dtí 1980. Thug sé deis dúinn freisin an chuspóir fhadtéarmach a bhaint amach de bheith ag obair le daoine, grúpaí nó eagraíochtaí le hábhar bainteach chun leaganacha digiteacha dá n-ábhar a dhéanamh níos inrochtana do lucht léitheoireachta níos mó.

“Tá an t-eolas féin ar fáil go héasca agus saor in aisce. Creideann muid go mbeidh sé an-úsáideach do mhic léinn, taighdeoirí, múinteoirí agus léachtóirí nó aon duine eile a bhfuil suim acu i stair pholaitiúil agus shóisialta Thuaisceart Éireann.

“Ar deireadh, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála agus a Ciste Athmhuintearais as tacaíocht a sholáthar chun go mbeadh CAIN in ann a chomhpháirtíocht leis an gCartlann Náisiúnta a chothabháil.”

Seo mar a labhair John McDonough, Stiúrthóir na Cartlainne Náisiúnta:
“Mar an stór oifigiúil do chartlanna Stát nua-aimseartha na hÉireann, tá doiciméid i seilbh na Cartlainne Náisiúnta a bhfuil tábhacht mhór ag baint leo agus a bhaineann leis an gcoimhlint i dTuaisceart Éireann.

“Tá áthas orm go raibh an Chartlann Náisiúnta in ann leanúint lena comhiarrachtaí leis an Dr Brendan Lynn as CAIN, le tacaíocht ó Chiste Athmhuintearais na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, chun cáipéisí roghnaithe a bhaineann leis an gcoimhlint i dTuaisceart Éireann agus atá i seilbh ár n-institiúid a chur ar fáil do lucht léitheoireachta chomh fairsing agus is féidir.

“Léirítear lenár dtacaíocht leanúnach d’obair an Dr Lynn agus CAIN chomh tábhachtach is atá sé dúinn go ndéanfar an úsáid a bhaineann an pobal as foinsí cartlainne digitithe ar líne a chur chun cinn mar bhealach chun tuiscint ar ár stair a chothú.”