Foilsithe ar 

€19,200 ceadaithe ag an Aire Stáit Kyne do Chumann Bádóireachta Na Ceathrún Rua, Co na Gaillimhe

D’fhógair an tAire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Seán Kyne T.D., inniu go bhfuil deontas suas le €19,200 ceadaithe do Chumann Bádóireachta na Ceathrún Rua chun cabhrú leo 5 bhád nua a cheannach.

Ag fógairt an deontais dó, dúirt an tAire Stáit go raibh áthas air cuidiú leis an gcumann gníomhach seo agus iad ag cur deis iontach ar fáil d'ógánaigh na Gaeltachta chun scileanna mara a fhorbairt agus cáilíochtaí a bhaint amach trí mheán na Gaeilge.

Is faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 atá an t-airgead seo á cheadú.