Foilsithe ar 

€20 milliún de chistiú á fhógairt ag an Aire Humphreys do bhailte agus sráidbhailte na tuaithe

Suas le 300 baile agus sráidbhaile tuaithe chun tairbhe a bhaint as an gcistiú thar na 15 mhí amach romhainn

Tá an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta, Heather Humphreys TD, ag teacht le chéile inniu (Déardaoin) leis an Aire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, Michael Ring, TD, le €20 milliún de chistiú a fhógairt do bhailte agus sráidbhailte tuaithe mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe. Rinne na hAirí an fhógairt ag ócáid in Ionad Ealaíon an Tuair Aird, Co. na hIarmhí.

Bainfidh suas le 300 baile agus sráidbhaile tairbhe as cistiú faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2017, a chuirfear ar fáil trí na hÚdaráis Áitiúla thar na 15 mhí amach romhainn chun tacú le hathnuachan na tuaithe. Tá an scéim seo dírithe go sonrach ar bhailte agus sráidbhailte faoin tuath le daonra níos lú ná 10,000. Glacfar le hiarratais ar mhéideanna ó €20,000 go €100,000. Breathnófar freisin ar chistiú suas le €200,000 do líon teoranta tionscadal a bheidh in ann buntáiste an-mhór eacnamaíoch a chur ar fáil do bhaile agus don cheantar máguaird.

Ag labhairt di inniu, dúirt an tAire Humphreys:
“Mar chuid den Phlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe, a seoladh i mí Eanáir na bliana seo, tá níos mó ná 270 gníomh ar fud an Rialtais chun cabhrú le ceantar tuaithe na hÉireann a chumas iomlán eacnamaíoch agus sóisialta a bhaint amach. Tá bailte agus sráidbhailte na hÉireann ag croílár ár bpobail tuaithe agus tá sé tábhachtach go leanfaidh muid ar aghaidh ag atógáil ár mbailte agus sráidbhailte tuaithe agus na ceantair máguaird, agus beocht a chur ar ais iontu, chun go mbeidh siad ina lárionaid gníomhaíochta eacnamaíche, ina mbeidh daoine ag iarraidh cónaí agus bheith ag obair agus casadh lena chéile go sóisialta.”

“Mar gheall ar rath na scéime 2016, tá €20 milliún á leithdháileadh agam le haghaidh clár feabhsaithe i mbliana a rachaidh chun tairbhe do suas le 300 baile agus sráidbhaile ar fud na hÉireann. Le scéim na bliana seo cuirfear beim ar bhearta a bhfuil tionchar soiléir eacnamaíoch acu ar bhailte agus sráidbhailte tuaithe. Beidh cistiú áirithe ar fáil freisin do shaothair ealaíne i spásanna poiblí lena léirítear cultúr baile nó réigiúin agus a bhfuil rannpháirtíocht ealaíontóirí áitiúila i gceist leo, rud a bhí mar ghealltanas faoin bPlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.

“Tá an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte mar chuid de phacáiste beart náisiúnta agus áitiúil chun tacú le hathnuachan bailte agus sráidbhailte ar fud na hÉireann, lena n-áirítear freisin tionscnaimh i réimsí ar nós oidhreacht, turasóireacht, ealaíona agus cultúr, athúsáid áitreabh folamh, éifeachtúlacht fuinnimh agus tacaí gnó. Déanfar tionscadail a léiríonn naisc le tionscnaimh níos leithne d’fhonn an tionchar foriomlán ar athnuachan bailte agus sráidbhailte a mhéadú a spreagadh go mór.”



Bhí an méid seo le rá ag an Aire Stáit um Fhorbairt Eacnamaíoch Réigiúnach, Michael Ring TD:
“Cuirim fáilte mhór roimh sheoladh na Scéime Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2017, lena gcuirfear tacaíocht bhreise ar fáil do cheantar tuaithe na hÉireann, tar éis CLÁR 2017 agus comórtas na mBailte Slachtmhara, a sheol mé le déanaí.

“Beidh an Scéim á riar arís trí na hÚdaráis Áitiúla, agus éileofar orthu bheith ag obair go dlúth le gnóthais agus pobail áitiúla chun smaointe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm a dhéanfaidh fíordhifear inbhuanaithe d’athbheochan bailte agus sráidbhailte ar fud na tíre. Is dócha go mbainfear an t-athnuachan bailte agus sráidbhailte is fearr amach nuair atá comhpháirtíocht dhlúth idir an pobal, an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach.”