Foilsithe ar 

An tAire Madigan i Nua-Eabhrac chun cuairt a thabhairt ar Ionad Ealaíon nua na nGael agus chun bualadh le Gréasán Ionaid Chultúir na hÉireann i Meiriceá Thuaidh

Tá an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Josepha Madigan, i Nua-Eabhrac faoi láthair chun bualadh le hionadaithe ó Ionaid Chultúir Éireannacha i Meiriceá Thuaidh, chun cuairt a thabhairt ar an Irish Arts Centre (arna athfhorbairt faoi láthair) agus chun suaitheantas an Ambasadóra Cultúir a bhronnadh go foirmiúil ar Paul Muldoon.

Inniu ag Ard-Chonsalacht na hÉireann i Nua-Eabhrac, tionólfaidh an tAire Madigan cruinniú Ghréasán Ionaid Chultúir na hÉireann i Meiriceá Thuaidh (NICCoNA), le hionadaithe ó hionaid ó Los Angeles chomh fada le Toronto. Pléifidh an tAire an tionscnamh Éire Dhomhanda 2025 agus conas is féidir leis na hionaid comhoibriú chun príomhghnéithe an tionscnaimh a chur chun cinn.

Agus í ag labhairt leis an nGréasán, d’aithin an tAire Madigan an ról tábhachtach atá ag ionaid chultúir na hÉireann sa nasc a sholáthraíonn siad do dhiaspóra na hÉireann a bhfuil 70 milliún duine i gceist leis – teastaíonn ó Éireannaigh agus ó dhaoine de bhunadh na hÉireann a bhfuil cónaí orthu sna Stáit Aontaithe a bheith nasctha le hÉirinn, le cultúr agus le hoidhreacht na hÉireann:

Teastaíonn ón Rialtas nasc láidir a chruthú le hÉireannaigh atá lonnaithe thar lear agus luach a thabhairt don ról a bhíonn acu i gcur i láthair na tíre. Is náisiún beag muid ach táimid láidir mar dhaoine agus táimid scaipthe ar fud an domhain agus bródúil as ár n-oidhreacht. Is é sin an fáth go bhfuil infheistíocht déanta ag Rialtas na hÉireann san Irish Arts Centre i Nua-Eabhrac, a mbeidh mé ag tabhairt cuairte air níos déanaí inniu. Cuireann an t-ionad árdán ríthábhachtach ar fáil d'ealaíontóirí Éireannacha sa bpríomhchathair chultúir seo. Is féidir leat brath ar thacaíocht leanúnach Rialtas na hÉireann maidir le háiseanna cultúrtha buana i bpríomhchathracha domhanda. Oibreoidh mé go dlúth leis an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála chun féachaint ar an gcaoi is fearr is féidir linn tacú le hionaid eile ar fud an domhain.

Bhain go leor de na hionaid a mbeidh an tAire ag bualadh leo inniu tairbhe as tacaíocht Chultúr Éireann chun ealaíontóirí na hÉireann a thabhairt go Meiriceá Thuaidh. Tacóidh Éire Dhomhanda 2025 le hobair Chultúr Éireann sna seacht mbliana atá romhainn le cultúr na hÉireann agus ealaíontóirí Éireannacha a chur i láthair an domhain. Tá infheistíocht in obair Chultúr Éireann ríthábhachtach chun saothar na n-ealaíontóirí a chur i láthair lucht féachana nua agus chun ár diaspóra a choinneáil nasctha le hÉire chomhaimseartha.

Agus í ag labhairt leis an nGréasán, d'ardaigh an tAire Madigan gné uathúil eile de chultúr agus oidhreacht na hÉireann - ár dteanga náisiúnta - agus athbheochan leanúnach na teanga sa bhaile agus thar lear.

Dúirt an tAire Madigan:

Tá an Ghaeilge thar a bheith tábhachtach do mhuintir na hÉireann sa bhaile agus thar lear. Go deimhin, trí thacaíocht airgeadais mo Roinne, tá sí á múineadh anois i mbreis is 40 institiúid tríú leibhéal ar fud an domhain. Táim thar a bheith buíoch as na hIonaid Chultúir as an Ghaeilge a mhúineadh agus a chur chun cinn i Meiriceá Thuaidh.

Buailfidh an tAire Madigan le Paul Muldoon agus í i Nua-Eabhrac chun litir cheapacháin agus suaitheantas airgid a bhronnadh air go foirmiúil mar Ambasadóir Cultúir (tá an suaitheantas, leis an ngabha geal Seamus Gill, bunaithe ar bhád luachmhar de chuid thaisce Bhrú Íochtair atá coinnithe sa Mhúsaem Náisiúnta, ar a bhfuil lógó Chultúr Éireann bunaithe).
Ag labhairt di roimh bhualadh le Paul, dúirt an tAire Madigan:

Níos luaithe an tseachtain seo, chuir mé ar aghaidh ceann de na tionscnaimh faoi Éire Dhomhanda - cúigear ambasadóirí cultúir a cheapadh. I measc na nAmbasadóirí Cultúir beidh ailtirí, aisteoir, ceoltóir agus file, Paul Muldoon. Táim fíorbhuíoch do Paul as glacadh leis an ról seo, agus tá a fhios agam go mbeidh páirt díograiseach aige chun próifíl chultúr na hÉireann a ardú anseo sna Stáit Aontaithe agus níos faide ar shiúl.

Tá sé mar aidhm ag Éire Dhomhanda lorg na hÉireann a dhúbailt ar fud an domhain faoi 2025 trí mheascán gníomhaíochtaí sna réimsí cultúir, taidhleoireachta, gnó, oideachais agus turasóireachta. Tá dea-cháil na hÉireann maidir le cultúr agus cruthaitheacht mar chuid lárnach den tionscnamh, a mholann roinnt gníomhaíochtaí chun cur chun cinn chultúr na hÉireann a fheabhsú ar fud an domhain, lena n-áirítear ceapachán Ambasadóirí Cultúir. Ceapfar daoine cáiliúla ón bpobal ealaíon agus cultúir ina nAmbasadóirí Cultúir nua chun Éire a chur chun cinn ar fud an domhain mar chuid de thionscnamh Éire Dhomhanda 2025 an Rialtais.

Fad a bhí sí i Nua-Eabhrac, tugadh cuireadh don Aire Madigan cuairt a thabhairt ar an Irish Repertory Theatre (132 W 22nd Street) chun féachaint ar chleachtadh de shéasúr dhrámaí de chuid O'Casey, agus chun léiriúchán reatha na hamharclanna, “The Dead”, a fheiceáil.


Nóta d’Eagarthóirí

In 2010 cheap an Rialtas Gabriel Byrne mar an chéad "Ambasadóir Cultúir" chun cabhrú le Imagine Ireland, clár ealaíon bliana i Stáit Aontaithe Mheiriceá, a chur chun cinn in 2011.
Déanfaidh na hAmbasadóirí Cultúir iarracht aird an phobail a tharraingt ar na healaíona agus ar an gcultúr mar bhealach chun Éire a chur chun cinn ar bhonn domhanda, comhairle agus ionchur a chur ar fáil ar thionscnaimh chultúir straitéiseacha agus páirt a ghlacadh i bpríomhghníomhaíochtaí agus tionscadail.
Ghlac an máistircheoltóir agus duine de bhunaitheoirí The Gloaming, Martin Hayes, príomh-ailtirí, Shelley McNamara agus Yvonne Farrell as Grafton Architects, an t-aisteoir cáiliúil Ruth Negga agus buaiteoir na duaise Pulitzer, Paul Muldoon, le ról mar Ambasadóir Cultúir le haghaidh tréimhse trí bliana.
Is féidir tuilleadh Ambasadóirí Cultúir a cheapadh le himeacht ama i gcomhréir le tosaíochtaí geografacha agus tosaíochta eile an Rialtais.

Paul Muldoon - beathaisnéis

Rugadh Paul Muldoon i gContae Ard Mhacha i 1951. Tá sé ina chónaí anois i Nua-Eabhrac. Bhí sé ina léiritheoir raidió agus teilifíse leis an BBC i mBéal Feirste agus tá tríocha bliain caite aige ag teagasc in Ollscoil Princeton. Tá dhá bhailiúchán déag filíochta scríofa aige, lena n-áirítear Moy Sand and Gravel (2002) agus bhuaigh sé Duais Pulitzer 2003 mar thoradh ar sin, chomh maith le Selected Poems 1968-2014 (2016). Dúirt Roger Rosenblatt, i bpíosa a scríobh sé sa New York Times Book Review le déanaí, go bhfuil Paul Muldoon “ar dhuine de na filí is fearr le céad bliain anuas agus éiríonn leis a bheith spraíúil, fileata, fíorghreannmhar agus duairc. Agus feargach. Níor éirigh le haon duine eile seachas Yeats fearg thomhaiste den sórt sin a léiriú.”