Foilsithe ar 

Gradam idirnáisiúnta buaite ag scannán Gaeilge

Bhronn giúiré idirnáisiúnta Generation Kplus Grand Prix don Scannán is Fearr ar ‘An Cailín Ciúin’ ag Féile Scannán Bheirlín. Rinne an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., comhghairdeas le foireann aisteoirí agus criú an scannáin Ghaeilge.

 

Rinne an tAire Martin “comhghairdeas ó chroí le gach duine a d’oibrigh ar scannán “An Cailín Ciúin” ar cheann de na duaiseanna is fearr a bhaint amach ag Féile a bhfuil ardmheas uirthi, Féile Scannán Bheirlín. Is éacht iontach é seo. Tugann sé aitheantas do bhua scannánaíochta na hÉireann ar an stáitse domhanda. Tá an gradam níos speisialta fós toisc gur bronnadh ar scannán inár dteanga dhúchais féin é. Rinne an scannán gaisce cheana féin toisc gurbh é an chéad scannán Gaeilge a roghnaíodh d’Fhéile Scannán Bheirlín. Tugadh ard mholadh don scannán nuair a taispeánadh é an tseachtain seo caite.

 

“Léiríonn an éacht seo an tábhacht a bhaineann le tacú lenár earnáil scannánaíochta.  Mhaoinigh maoiniú poiblí ó fhaoiseamh cánach Chuid 481, ó Fhís Éireann, ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus ó TG4 an léiriúchán seo.”

 

CRÍOCH

 

Nótaí don Eagarthóir

 

Scannán lánfhada is ea é An Cailín Ciúin bunaithe ar ghearrscéal fada leis an údar Claire Keegan dar teideal Foster. Scríobh Keegan Small Things Like These in 2021 agus d’éirigh go maith leis freisin.

 

Tá Berlinale ar cheann de na cúig fhéile scannán is mó le rá ar domhan agus tá an fhéile á reáchtáil le 72 bliain anuas.

 

Iarracht chultúrtha ar leith atá sa scannán seo bunaithe ar bhua na hÉireann, idir ábhar foinse liteartha agus fhoireann chruthaitheach an scannáin.

 

Tá an scannán suite in Éirinn sna 1980í agus feictear an saol trí shúile chailín óg a bhí faoi chúram altrama ag an am seo nuair a chuaigh na sluaite ar imirce, bhí ráta ard dífhostaíochta ann, tharla tragóid Stardust agus reáchtáladh reifreann achrannach ar an nginmhilleadh.

 

Insceál Ltd is ainm do Chomhlacht Léiriúcháin an scannáin agus tá sé lonnaithe i mBaile Átha Cliath.