Foilsithe ar 

Léirbhreithniú déanta ag an Aire Cosanta agus ag an Aire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, T.D.,

Bhuail an tAire Cosanta agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, an tUasal Simon Coveney, T.D., le roinnt ball d’Óglaigh na hÉireann atá páirteach sa 119ú Grúpa Coisithe atá ar tí dul i mbun seirbhíse le Fórsa Eatramhach na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL).  Is é misean UNIFIL an t-imlonnú thar lear is mó a bhfuil Éire páirteach ann.

 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire i rith an léirbhreithnithe, "Tá gealltanas suntasach tugtha ag Éirinn tacú le síocháin agus slándáil i réigiún an Mheánoirthir agus tá Éire ag glacadh páirte i misean UNIFIL ó thráth a bhunaithe sa bhliain 1978”. Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire freisin, “Is léiriú an-phraiticiúil é an tiomantas seo do shíochánaíocht idirnáisiúnta de na luachanna atá tábhachtach dúinn mar náisiún agus dár dtiomantas do na Náisiúin Aontaithe agus d’iltaobhachas.  Ceann de phríomhghnéithe ár dtraidisiúin síochánaíochta é muinín a chothú – i bpobail a bhí ag fulaingt i bhfad rófhada faoi scamall na coinbhleachta.”

 

Le linn don Aire Coveney a bheith ag tagairt don phointe go bhfuil ceathrar ban is fiche (24) páirteach sa 119ú Cathlán, bhí an méid seo a leanas le rá aige, “Tá Éire, i rith a téarma ar Comhairle Slándála na Náisiúnta Aontaithe, meáite ar dhlús a chur faoi chlár oibre na mBan, na Síochána agus na Slándála, clár oibre ina nglactar leis go gcuireann imlonnú coimeádaithe síochána baineanna le hoibríochtaí ar bhealach suntasach le folláine na mban i réigiúin ina bhfuil coinbhleacht ag tarlú. Cuireann láithreacht shuntasach bhaineann laistigh dár bhfoireann go mór lenár n-iarrachtaí réitithe coinbhleachta agus lenár gcumas nasc a bhunú le pobail áitiúla.  Cuireann sé leis na tacair scileanna atá ar fáil laistigh de mhisean síochánaíochta agus pointe tábhachtach freisin is ea go soláthraíonn sé rólchuspaí do mhná, anseo sa bhaile agus thar lear.”

 

Chuir an tAire in iúl go raibh sé airdeallach ar an tionchar a bhí ag paindéim Covid-19 ar bhaill d’Óglaigh na hÉireann agus ar a dteaghlaigh.  Chuir sé chríoch lena chuid cainte trí "mhisean sábháilte agus rathúil a ghuí ar na trúpaí faoi cheannaireacht an Leifteanantchoirnéil Keyes" an tOifigeach i gCeannas ar an 119ú Cathlán Coisithe.

 

 

[CRÍOCH]

 

Nótaí do na hEagarthóirí

 

Misin thar lear

Tá taifead fada a bhfuil ardmheas air ag Éirinn i ndáil le rannpháirtíocht i misin thar lear atá sainordaithe ag na Náisiúin Aontaithe ón mbliain 1958.  I rith na tréimhse sin, chuir pearsanra Óglaigh na hÉireann thart ar 71,000 turas aonair dualgais i misin thar lear i gcrích.  Amhail ag an 1 Deireadh Fómhair 2021, tá 564 pearsanra as Éirinn páirteach i misin éagsúla ar fud an domhain.

 

UNIFIL

Beidh an 119ú Cathlán Coisithe imlonnaithe chuig UNIFIL; beidh 352 pearsanra ag glacadh páirte sa mhisean, 9 bpearsanra de bhunadh Mhálta agus 343 pearsanra de bhunadh na hÉireann.  Is as 25 contae ar fud na hÉireann iad na pearsanra Éireannacha.

 

D’fhonn na ndianbheart coraintín atá á gcur chun feidhme i ndáil le Misin de chuid na Náisiún Aontaithe a chomhlíonadh, tá dhá dháta dhifriúla uainíochta in úsáid.  Cuirfidh Grúpa iomlán an 119ú Cathlán a thréimhse aonraithe/choraintín i gcrích i gCampa Chúil Mhuine i nGleann Ó Máil.  Cuirfidh an chéad ghrúpa tús lena thréimhse choraintín 14 lá ar an 27 Deireadh Fómhair agus cuirfear críoch leis an tréimhse choraintín ar an 10 Samhain sula dtugtar aghaidh ar UNIFIL ar an 10 Samhain.  Beidh tréimhse choraintín le cur i gcrích nuair a bhaintear ceann scríbe an Mhisin amach freisin.  Cuirfidh an dara grúpa tús lena thréimhse choraintín ar an 17 Samhain agus cuirfidh sé críoch leis an tréimhse choraintín ar an 1 Nollaig sula bhfágann siad ar an eitleán ar an 1 Nollaig.  Beidh orthu tréimhse choraintín a chur i gcrích nuair a shroicheann siad ceann scríbe an Mhisin freisin.  Ansin cuirfidh siad tús le hoibríochtaí mar chuid de chathlán ilnáisiúnta a mbeidh pearsanra as Éirinn, Málta, an Pholainn agus an Ungáir páirteach ann, grúpa ar a dtabharfar IRISHPOLBATT. 

 

 

Ní raibh in imeacht an lae inniu ach leagan srianta den ghnáth-Léirbhreithniú Aireachta ar thrúpaí atá ag dul i mbun misin mar thoradh ar shrianta COVID19.  Reáchtáladh an Léirbhreithniú taobh amuigh faoin aer agus tugadh aird mar is cuí ar threoirlínte agus ar rialacháin scartha shóisialta.