Foilsithe ar 

Tús á chur le hullmhú pleananna teanga don Chlochán agus do Bhaile an Róba fógartha ag an Aire Stáit Chambers

D'fhógair Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeltacht agus Spórt, Jack Chambers T.D., inniu (15 Deireadh Fómhair 2021) go bhfuil sé beartaithe tús a chur le hullmhú pleananna teanga do na bailte: An Clochán, Co na Gaillimhe agus Baile an Róba, Co Mhaigh Eo faoin bpróiseas pleanála teanga.

 

Fágann sé seo go mbeidh Foras na Gaeilge ag déanamh na socruithe anois chun eagraíochtaí faoi leith sa Chlochán agus i mBaile an Róba a roghnú le plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú do na bailte faoi leith. Cuirfear ciste ar fiú suas le €20,000 ar fáil do na heagraíochtaí a roghnaítear chun cabhrú le hullmhú na bpleananna agus cuirfear ciste bliantúil ar fiú €80,000 ar fáil thar thréimhse 7 mbliana chun plean teanga An Chlocháin agus Bhaile an Róba a chur i bhfeidhm uair amháin go gceadaítear iad.

 

Dúirt an tAire Stáit:“Is céim eile chun cinn é seo maidir leis an bpróiseas pleanála teanga. Tá feidhmiú nó ullmhú pleananna teanga ar bun i gcás 8 mbaile fud fad na tíre. Táim ag súil leis go mbeidh na páirtithe leasmhara sa dá bhaile sásta páirt ghníomhach a imirt chun an Ghaeilge a threisiú tuilleadh sa Chlochán agus i mBaile an Róba – rud a bheidh ar leas na Gaeilge agus ar leas an dá bhaile araon.”

 

ENDS

 

An Oifig Preasa agus Eolais

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Department of Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media

Teil: 087 6737338 / 087 7374427 Ríomhphost: press.office@tcagsm.gov.ie Láithreán Gréasáin: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Twitter: @DeptCultureIrl

Instagram: Tourism.Culture.Gaeltacht

Facebook: An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Chun d’ainm a bhaint de liosta na ríomhphost, cliceáil ANSEO.

 

Nóta don Eagarthóir

 

Tar éis próiseas comhairliúcháin a eagrú i samhradh 2014, seo a leanas an liosta bailte atá nó a d’fhéadfadh a bheith aitheanta mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta ach pleananna teanga a bheith aontaithe leis na pobail sna bailte faoi leith:

 

Contae

Baile

Dún na nGall

Leitir Ceanainn, An Clochán Liath agus Baile Dhún na nGall

Maigh Eo

Béal an Mhuirthead, Baile an Róba agus Caisleán an Bharraigh

Gaillimh

Cathair na Gaillimhe agus An Clochán

Ciarraí

Daingean Uí Chúis, Trá Lí agus Cathair Saidhbhín

Corcaigh

Cathair Chorcaí agus Maigh Chromtha

Port Láirge

Dún Garbhán

An Mhí

Baile Átha Buí agus An Uaimh

 

Tá ceithre Bhaile Seirbhíse Gaeltachta ceadaithe faoin bpróiseas go dáta, Leitir Ceanainn, Daingean Uí Chúis, Cathair na Gaillimhe agus An Clochán Liath.  Tá plean teanga do bhaile Thrá Lí á bhreithniú ag an Roinn faoi láthair.

 

Tá an próiseas chun pleananna a ullmhú idir lámha i gcás na mbailte seo a leanas: Dún Garbhán, Cathair Saidhbhín, Caisleán an Bharraigh agus Cathair Chorcaí.

 

Tabharfar tréimhse suas le mí d'eagraíochtaí chun iarratas a dhéanamh chuig Foras na Gaeilge le bheith roghnaithe mar eagraíocht chun plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gcás an dá bhaile.

 

Uair amháin go gceaptar eagraíocht faoin bpróiseas, beidh suas le dhá bhliain acu chun plean teanga a chur faoi bhráid na Roinne agus tréimhse seacht mbliana ag an eagraíocht ansin chun an plean teanga aontaithe a chur i bhfeidhm le cabhair ó Údarás na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge - dé réir mar a oireann. Déanfaidh an Roinn athbhreithniú tréimhsiúil ar chur i bhfeidhm pleananna le linn na seacht mbliana sin.

 

Tá tuilleadh eolais faoin bpróiseas pleanála teanga ar fáil ag: https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/an-proiseas-pleanala-teanga/