Nuacht

D’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., roimh bhunú mheitheal il-pháirtithe leasmhara chun iarrachtaí earnála a chomhordú chun troid i gcoinne na bréagfhaisnéise agus chun cur chuige comhcheangailte a sholáthar a fhéachann le cruthú agus leathadh ábhar bréagach agus díobhálach a laghdú.

D’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. inniu, Dé hAoine, 17 Feabhra, go bhfuil ciste ar fiú €508,640 ceadaithe aige thar tréimhse dhá bhliain chun go mbeidh scoileanna faoi leith atá suite i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga in ann cúntóir teanga a fhostú mar chuid den phróiseas pleanála teanga.

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. gur ceapadh cúigear comhaltaí nua ar bhord an Údaráis Náisiúnta um Fhorbairt na Turasóireachta (Fáilte Éireann)

Inniu, Dé Céadaoin, an 15 Feabhra, d’athdhearbhaigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D., a tacaíocht do sheirbhís raidió Ghaeilge nua fhéideartha, agus Údarás Craolacháin na hÉireann ag foilsiú taighde ina leagtar béim ar spéis na n-éisteoirí níos óige i rogha níos leithne a bheith acu maidir le hábhar fuaime Gaeilge

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D agus an tAire Stáit don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan T.D. (inniu) go bhfuil bord eatramhach Údarás na Gaeltachta ceaptha

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D agus an tAire Stáit don Ghaeltacht, Patrick O’Donovan T.D. (inniu) go bhfuil allúntas €314,280 á chur fáil ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, d’Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le hiarratas ar chead pleanála a ullmhú agus a dhéanamh maidir le hIonad Oideachais agus Óige nua a thógfar in Indreabhán

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. roimh infheistíocht bhreise dár luach €910,000 atá ceadaithe do thionscadail in earnálacha na Gaeilge agus na hUltaise

Inniu, an 10 Feabhra 2023, rinne an tAire Stáit don Spórt agus don Chorpoideachas, Thomas Byrne T.D., iondaíocht ar Éirinn ar chruinniú mullaigh ar líne d’Airí Spóirt ón Eoraip, ó Mheiriceá Thuaidh agus ón Áis. Labhair Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy leis an gcruinniú

D’fhógair an tAire Stáit Gaeltachta, Patrick O’Donovan TD, maoiniú €200,000 inniu le haghaidh Chiste Spreagtha 2023.

Agus é ar chamchuairt go dtí Gaeltacht Mhúscraí inniu 7 Feabhra 2023 d’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D. go bhfuil deontas €60,079 ceadaithe do Chumann Lúthchleas Gael Chill na Martra le cur ar a gcumas dromchla agus sconsa nua a fhorbairt ar an bpáirc peile i gCill na Martra.

 

Gailearaí