Foilsithe ar 

Bronnadh Stairiúil de chuid Óglaigh na hÉireann déanta ar Ard-Mhúsaem na hÉireann

Bhronn muintir bhaill sinsearach de chuid Óglaigh na hÉireann a raibh baint aige le gunnaí a thabhairt i dtír i mBinn Éadair in 1914 déantáin a bhfuil tábhacht stairiúil ag baint leo ar Stát na hÉireann.

Bhronn muintir an Cheannfoirt Peter Paul Galligan a Bhata Ascair ar bhailiúchán an Ascair i bhfoirgneamh an 'Ascair' in Ard-Mhúsaem na hÉireann – Na hEalaíona Maisiúla & Stair. 

Bhí mac garpháiste leis ar a bhfuil an t-ainm céanna air, Peter Paul Galligan ann chun an bronnadh a dhéanamh. Bhí a mhac, Colm Galligan, i láthair chomh maith.

Bhí an bata ar cheann de na céadta a cuireadh ar fáil d'Óglaigh na hÉireann sula tugadh airm a bhí ar bord an Ascair i dtír i mBinn Éadair ar 26 Iúil 1914. Rinneadh é seo mar go rabhthas ag súil go ndéanfadh na húdaráis iarracht na hairm a ghabháil.

Ba le Erskine agus le Molly Childers An tAscar, agus úsáideadh í chun 900 raidhfil agus armlón a chur ar fáil d'Óglaigh na hÉireann nuair a bhí cúrsaí corrach in Éirinn ag an am.

Thug Galligan, ina bhall de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann agus d'Óglaigh na hÉireann le linn Éirí Amach na Cásca, faoi thuras ar rothar ó Bhaile Átha Cliath go Loch Garman chun orduithe catha a thabhairt d'óglaigh an cheantair chun a chinntiú go dtabharfaidís tacaíocht don dream a bhí i mBaile Átha Cliath. Nuair a díscaoileadh na hóglaigh chuaigh sé ar ais go dtí an Cabhán ar a rothar agus gabhadh é i dteach a mhuintire.

Gearradh pionós an bháis air as an mbaint a bhí aige leis an Éirí Amach ach laghdaíodh é go pianseirbhís cúig bliana.

Chomh maith leis an mbata stairiúil a bhronn muintir Galligan ar bhailiúchán an Ascair in Ard-Mhúsaem na hÉireann bhronn siad litreacha a scríobh an Ceannfort Peter Paul Galligan chuig a mhuintir le linn dó a bheith sa bpríosún agus bhronn siad páipéir eile ar Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.