Foilsithe ar 

Deichniúr céimithe le ceapadh do Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, an Seanadóir Seán Kyne, go bhfuil an scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh á réachtáil arís i mbliana. Cuireadh tús leis an scéim i 2018 agus tá os cionn 14 céimithe tar éis páirt a ghlacadh sa scéim. Tá an scéim dírithe ar dheiseanna a thabhairt do chéimithe socrúchain oibre a fháil i réimse speisialtóireacht an aistriúcháin agus an phrofléitheoireacht.

I mbliana táthar ag súil go mbeidh deichniúr céimithe ceaptha agus i mbun taithí oibre sa bhfómhar.  Beidh ochtar de na céimithe ag cuidiú le haistriú réachtaíochta agus dlíthe an Aontais Eorpaigh - an acquis communautaire - go príomha le linn an tsocrucháin oibre.  Beidh beirt ag obair mar phrofléitheoirí faoi mhaoirseacht in Oifig na bhFoilseachán nó i bParlaimint na hEorpa agus doiciméid i nGaeilge le profléamh acu. Beidh liúntas €2,000 in aghaidh na míosa ar fáil do na hintéirneachtaí seo ar feadh tréimhse 10 mí.

Duirt an tAire Stáit Kyne:

Tá áthas orm a fhógairt go mbeidh an scéim intéirneachta á réachtáil arís i mbliana. De bharr an méadú maoiniú a céadaíodh anuraidh, rinneadh leathnú ar an scéim agus tá ag éirigh go han-mhaith leis go dtí seo. Tá sé tábhachtach go bhfuil deis ag daoine taithí oibre a fháil i réimse an phrofléitheoireachta, áit a mbeidh níos mó deiseanna fostaíochta sna blianta amach romhainn.

Is féidir gach eolas faoin scéim a fháil ag:

https://www.chg.gov.ie/ga/gaeltacht/recruitment/