Foilsithe ar 

Earnáil na gColáistí Gaeilge - Ráiteas ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta

Tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis sláinte agus ar mhaithe le sláinte phoiblí a chosaint, ag cur san áireamh na bearta éigeandála atá á nglacadh maidir le Covid-19, tá sé fógartha ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nach reáchtálfar aon chúrsa foghlama Gaeilge sa Ghaeltacht an samhradh seo de bharr na paindéime Covid-19.

Aithnítear gur tréimhse neamhghnách, éiginnte agus dhúshlánach atá romhainn ar fad agus gur buille é seo don Ghaeltacht trí chéile, gan trácht ar na mílte daltaí a bhí ag súil le freastal ar na coláistí le linn an tsamhraidh. Is í sláinte an phobail an rud is tábhachtaí, áfach agus tá ról ag gach duine sna hiarrachtaí atá ar bun chun scaipeadh an víris Covid-19 a mhaolú.

Tá sé deimhnithe ag an Roinn chomh maith nach gá do theaghlaigh Ghaeltachta atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge teastas nua innealtóra a chur ar fáil i mbliana -  mar a bhí iarrtha roimhe seo - agus go mbeidh an Roinn i dteagmháil leis na teaghlaigh arís amach anseo faoin ábhar seo go sonrach.

 Nóta d’eagarthóirí

Faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, freastalaíonn suas le 27,000 scoláire go bliantúil ar cheann de 42 Coláiste Samhraidh Gaeltachta. Íocann an Roinn fóirdheontas leis an 700 teaghlach Gaeltachta atá incháilithe faoin Scéim a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí a dhéanann freastal ar na Coláistí Samhraidh Gaeltachta.  Is iondúil go ndéantar cúiteamh leis na teaghlaigh Ghaeltachta atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne faoi réir théarmaí na scéime sin nuair a chuirtear an cháipéisíocht chuí faoi bhráid na Roinne i ndiaidh gach cúrsa faoi leith, sé sin, ag deireadh Meithimh, Iúil agus Lúnasa.