Foilsithe ar 

Naisc á gCruthú ag Ealaíontóirí de chuid na hÉireann ag Féilte Dhún Éideann 2019

Reáchtálfaidh Cultúr Éireann Imeacht Líonraithe ag Féilte i nDún Éideann an tseachtain seo mar chuid de Chlár Taispeántais bliantúil Dhún Éideann ina ndíreofar ar phróifíl dhomhanda ealaíontóirí na hÉireann a mhéadú.

Tá Cultúr Éireann na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag tacú le naoi léiriú drámaíochta agus damhsa as Éirinn d'fhonn iad a chur i láthair le linn mhí Lúnasa ag Féilte Idirnáisiúnta Dhún Éideann i mbliana. Tugann Cultúr Éireann tacaíocht d'Fhéile Idirnáisiúnta Leabhar Dhún Éideann chun réimse scríbhneoirí de chuid na hÉireann a chur i láthair. Cuireann clár na bliana seo an plúr de scríbhneoirí na hÉireann chun cinn lena n-áirítear Kevin Barry, a cuireadh ar an liosta fada le haghaidh Duais Booker é, Sinead Gleeson, Nicole Flattery agus Ian Maleney.

Chomh maith le tacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí na hÉireann a bheidh ag dul ar stáitse le linn na féile, reáchtálfaidh Cultúr Éireann imeacht tionscail trína dtabharfar deis d'ealaíontóirí na hÉireann bualadh le láithreoirí, léiritheoirí agus tionscnóirí na féile agus na n-ionad agus caidreamh a dhéanamh leo. Is tráth ríthábhachtach é seo sa chlár taispeántais a bhfuil dea-theist air maidir le conarthaí camchuairte idirnáisiúnta nua a chur ar fáil d'ealaíontóirí na hÉireann ar fud an domhain.  Beidh imeachtaí na bliana seo ar siúl sa Hub, ceanncheathrú na Féile Idirnáisiúnta Dé Céadaoin an 21 Lúnasa agus freastalóidh lucht clár ó ar fud na hEorpa, SAM, na Nua-Shéalainne agus na hAstráile air chomh maith le lucht clár barrthábhachtacha as an mBreatain.

Chomh maith leis sin, beidh roinnt de na healaíontóirí a bhfuil moladh mór faighte acu ó na léirmheastóirí cheana féin ag freastal ar an bhféile i mbliana, Pat Kinevane ina measc, ar bronnadh an Gradam inmhianaithe Herald Archangel air níos luaithe an mhí seo. Is é an gradam seo ceann de ghradaim is mó na bhFéilte agus tugtar aitheantas d'ionchur leanúnach ealaíonta ag Féilte Dhún Éideann thar roinnt blianta. Before, an ceathrú taibhiú i sraith de léirithe aonair le Pat Kinevane a cruthaíodh i gcomhpháirtíocht le cuideachta nua scríbhneoireachta as Éirinn darb ainm Fishamble agus arna stiúradh ag Jim Culleton. Is é Dance Base a chuirfidh i láthair é mar chuid de chlár fhéile na bliana seo.

Léiriú eile ar éirigh go maith leis i nDún Éideann i mbliana agus a bhain an gradam Fringe First amach mar aon le Herald Angel is ea The Patient Gloria le Gina Moxley, a chuir Amharclann na Mainistreach i láthair i gcomhpháirt le Compántas Amharclannaíochta Pan Pan in Amharclann Traverse, Dún Éideann. Is féidir eolas iomlán faoin gclár a fháil  anseo  (Leagan ISSUU) agus anseo(leagan is féidir a íoslódáil).

Dúirt Christine Sisk, Stiúrthóir Chultúr Éireann

Trí pháirt a ghlacadh i bhFéilte Dhún Éideann cuirtear deis ar fáil d'ealaíontóirí lucht féachana nua a bhaint amach lena n-áirítear lucht na gclár atá ag lorg daoine le dul ar stáitse dá gcuid féilte agus ionad ar fud an domhain. Baineann ealaíontóirí na hÉireann  conarthaí camchuairte amach dá bharr sin gach bliain, agus cothaíonn sin a ngairmeacha chomh maith le cur leis an lucht spéise atá acu ar fud an domhain.