Published on 

An tUasal Rónán Ó Domhnaill ainmnithe ag an Rialtas don phost mar Choimisinéir Teanga

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, T.D., inniu (11 Feabhra 2014) gurb é an tUasal Rónán Ó Domhnaill atá ainmnithe ag an Rialtas le ceapadh ag an Uachtarán don phost mar Choimisinéir Teanga. Déanfar an ceapachán faoi réir rúin a bheith rite ag Dáil Éireann agus ag Seanad Éireann.

Is ó Ghaeltacht na Ceathrún Rua i gCo. na Gaillimhe ó dhúchas é an tUasal Ó Domhnaill. Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh é agus tá sé ag obair le Nuacht RTÉ/TG4 mar chomhfhreagraí polaitíochta le seacht mbliana anuas.

Agus é ag fógairt ainmniúchán an Rialtais, dúirt an tAire Stáit: "Tá áthas orm go bhfuil an tUasal Ó Domhnaill tar éis glacadh leis an ainmniúchán don phost mar Choimisinéir Teanga úr. Tá ardmheas ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta air ina cháil mar chomhfhreagraí polaitíochta agus tá mé cinnte go rachaidh an taithí atá aige i dtairbhe go mór dó mar Choimisinéir Teanga."

Fuarthas 21 léiriú spéise don phost mar Choimisinéir Teanga ó dhaoine a raibh raon leathan taithí acu agus roghnaíodh an tUasal Ó Domhnaill as measc na ndaoine sin. Tiocfaidh an tUasal Ó Domhnaill i gcomharbas ar an Uasal Seán Ó Cuirreáin a bheidh ag éirí as a phost ar 23 Feabhra 2014.

Tá an Coimisinéir Teanga freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Faoi alt 20(3) den Acht, is é Uachtarán na hÉireann a dhéanann duine a cheapadh mar Choimisinéir Teanga ar chomhairle an Rialtais tar éis do Dháil Éireann agus do Sheanad Éireann rúin a rith ag moladh an duine a cheapadh.