Published on 

€3,664 ceadaithe ag an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. d'Fhorbairt Chonamara Láir.

Tá fógartha ag Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, go bhfuil deontas de €3,664 ceadaithe aige d'Fhorbairt Chonamara Láir Teo. le cur ar a gcumas trealamh áirithe a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Is aitheantas é seo don obair fhiúntach atá ar siúl ag an eagraíocht ag forbairt tograí agus seirbhísí pobail áitiúla trí mheán na Gaeilge,” a dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich.