Published on 

€3,664 ceadaithe ag an Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D. d'Fhorbairt Chonamara Láir

Déardaoin, 5 Meán Fómhair 2013—Tá fógartha ag Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, go bhfuil deontas de €3,664 ceadaithe aige d'Fhorbairt Chonamara Láir Teo. le cur ar a gcumas trealamh áirithe a cheannach.

Ag fógairt an deontais seo, dúirt an tAire Stáit Mac Fhionnlaoich go raibh an-áthas air an deontas a chur ar fáil. “Is aitheantas é seo don obair fhiúntach atá ar siúl ag an eagraíocht ag forbairt tograí agus seirbhísí pobail áitiúla trí mheán na Gaeilge,” a dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich.