Published on 

€742,438 ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., chun Scéim Cúntóirí Teanga a reáchtáil in 2013/14.

D’fhógair an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., inniu go bhfuil deontas, ar fiú €742,438 in iomlán é, ceadaithe aige do Mhuintearas agus d'Oidhreacht Chorca Dhuibhne don scoilbhliain 2013/2014 chun cur ar a gcumas Scéim na gCúntóirí Teanga a reáchtáil.

“Is céim shuntasach eile é seo i bhfeidhmiú an Chláir Tacaíochta Teaghlaigh,” a dúirt an tAire Stáit. “Nuair a sheol mé an Clár sin i mí Aibreáin 2012, thagair mé don tábhacht a bhí le cur chuige leasaithe chun tacú go praiticiúil le teaghlaigh na Gaeltachta a bhfuil a bpáistí á dtógáil acu le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu a bpáistí a thógáil le Gaeilge. Mar gheall ar an gcúnamh atá á fhógairt inniu, beidh ar chumas an dá eagras a riarann Scéim na gCúntóirí Teanga leanúint orthu ag tacú go gníomhach le caomhnú agus neartú na Gaeilge sa Ghaeltacht.”

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil an Roinn tar éis cur leis an scéim seo le blianta beaga anuas. "Ar dtús bhí na cúntóirí ag díriú orthu siúd nach raibh Gaeilge acu, anois táthar ag cuidiú le páistí a bhfuil an teanga acu cheana féin í a shaibhriú,” a dúirt an tAire Mac Fhionnlaoich. “Anuas air sin, cuidíonn an scéim le nósmhaireacht teanga i measc na scoláirí taobh amuigh den seomra ranga ionas go mbeidh an Ghaeilge in úsáid mar ghnáth-theanga cumarsáide i gclós na scoile fosta.”