Published on 

Fáiltíonn an tAire Stáit McHugh roimh thorthaí Gaeilge na hArdteistiméireachta

Tá fáilte curtha ag an Aire Stáit do Ghnóthaí Gaeltachta, Joe McHugh T.D., roimh na torthaí Gaeilge Ardteistiméireachta a foilsíodh inné (13 Lúnasa).. Dúirt an tAire Stáit gur údar misnigh é an léargas a thugann na torthaí ar staid na Gaeilge sa chóras oideachais faoi láthair. D’fháiltigh an tAire Stáit ach go háirithe roimh an líon ard daltaí, 45,268, a thug faoin Ghaeilge mar ábhar i mbliana. Is méadú de 5.3% é seo ar an líon a rinne an scrúdú in 2012. Tháínig ardú suntasach de 13.7% sa tréimhse chéanna ar an líon daltaí a rinne an cúrsa ardleibhéal. As an 18,134 dalta a rinne an cúrsa ardleibhéal, d’éirigh le 88.8% dóibh Grád C nó níos airde a bhaint amach.

Dúirt an tAire Stáit go raibh lúcháir air a fheiceáil gur baineadh torthaí an-fhónta amach tríd is tríd agus go raibh tionchar na n-athruithe polasaí atá curtha i bhfeidhm ag an Roinn Oideachais agus Scileanna le blianta beaga anuas le feiceáil anois. “Mar thoradh ar na hathruithe seo, tá béim níos mó á cur ar an Ghaeilge labhartha agus cuideoidh sé seo le sealbhú agus le cur chun cinn na teanga,” a dúirt sé.

Thréaslaigh an tAire Stáit leis na daltaí go léir a thug faoin Ghaeilge san Ardteistiméireacht agus dúirt sé go raibh súil aige go dtapódh siad gach deis an teanga a úsáid sa saol amach rompu. Dúirt an tAire Stáit, “tá eolas an-mhaith agaibh anois ar ár dteanga náisiúnta mar gheall ar an staidéar atá déanta agaibh uirthi le roinnt blianta anuas agus tá mé cinnte go dtuigeann sibh gur cuid an-luachmhar dár n-oidhreacht agus dár bhféiniúlacht Éireannach í an Ghaeilge. Cuimhnímis ar an seanfhocal ‘Beatha teanga í a labhairt.’”