Published on 

Óráid an Taoisigh, Micheál Martin T.D. Seachtain na Gaeilge 2021

A Cheann Comhairle agus a Theachtaí,

 

Is údar áthais dom a bheith libh inniu le linn Sheachtain na Gaeilge - an ócáid a eagraítear go bliantúil ag an tráth seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar an nGaeilge mar theanga bheo bhisiúil na hÉireann.

 

Is ócáid í Seachtain na Gaeilge a thugann an deis dúinn ar fad, solas a scalladh ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge mar chuid lárnach agus luachmhar de chultúr saibhir agus uathúil na hÉireann.

 

Tugann Seachtain na Gaeilge an deis freisin le solas a scalladh ar an obair fhónta atá ar bun agus beartaithe ag an iliomad páirtithe leasmhara trasna an stát chórais, trasna na tíre agus trasna na Gaeltachta ar son na Gaeilge agus ar leas phobal labhartha na Gaeilge agus go deimhin ar leas dóibh siúd ar mhian leo an Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith.

              

Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022

Mar is eol daoibh, is í an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 polasaí an Stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Is straitéis trasrialtais í, a bhfuil tacaíocht tras-pháirtí aige. Ar mhaithe le dlús a chur le feidhmiú na stráitéise - ag úsáid cur chuige cuntasach agus trédhearcadh, foilsíodh Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge i mí Meithimh 2018, tar éis é a bheith beannaithe ag an Rialtas ag an tráth sin.

Sa phlean sin leagtar amach breis agus céad ochtó (180) beart a chuirfidh tuairim is seasca (60) páirtí leasmhar i bhfeidhm thar shaolré cúig bliana an phlean, ar mhaithe le forfheidhmiú na straitéise, agus ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta dá réir.

 

I mí Dheireadh Fómhair 2020, d’fhoilsigh an Rialtas an chéad tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn - a chumhdaigh an tréimhse ó shamhradh 2018 go dtí Meitheamh 2019. Cé gur tuairiscíodh moill áirithe le feidhmiú bearta áirithe, is údar mór áthais agus misnigh an dul chun cinn suntasach atá déanta agus idir lámha maidir le móramh mór na mbearta a leagtar amach sa phlean gníomhaíochta.

 

Is í an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta Spóirt agus Meán atá freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú agus monatóireacht a dhéanamh ar an bplean - faoi stiúir an Aire Catherine Martin agus an Aire Stáit Jack Chambers.  Tá i gceist an dara tuairisc bhliantúil maidir lena chur i bhfeidhm a fhoilsiú go luath -  tar éis a bheith leagtha faoi bhráid an Rialtais - agus tá obair ullmhúcháin ar bun maidir leis seo ar fad faoi láthair.

 

Ach an oiread le gach réimse eile den saol, níl aon amhras ach go mbeidh sé le sonrú sa tuairisc sin nuair a fhoilseofar í gan rómhoill, an tionchar suntasach a bhí ag an bpaindéim go dtí seo ar ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta.

 

Tríd an raon leathan tacaíochtaí agus bearta atá á gcur i bhfeidhm i rith an ama faoi scáth an Rialtais, tá tréan-iarracht idir lámha chun na deacrachtaí sin a mhaolú oiread is féidir.

Ná déanaimis dearmad ach an oiread, gur thosaigh feidhmiú an phlean gníomhaíochta, agus an obair a leagtar amach sa phlean roimh an bpaindéim agus ainneoin gur cuireadh as don obair fhónta atá ar bun agus beartaithe níor cuireadh stop leis an obair sin trí chéile.

Ar nós gach earnáil agus réimse eile, d’aithin agus d’aimsigh eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta atá bainteach lena fheidhmiú bealaí nua, seiftiúla chun a gcuid gníomhaíochtaí agus seirbhísí a chur ar fáil don phobal - fad a gcumais, sna tosca reatha. Tá siad le tréaslú as sin.

Údarás na Gaeltachta

Tá tionchar gan amhras á imirt ag COVID-19 ar gach cuid de gheilleagar na hÉireann – na ceantair Ghaeltachta san áireamh ar ndóigh. Tuairiscítear go raibh seacht míle trí céad seasca trí (7,363) post lánaimseartha agus ceithre céad tríocha seacht (437) post páirtaimseartha i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta ag deireadh 2020.

 

Ainneoin thionchar na paindéime, cruthaíodh ceithre céad fiche seacht (427) post nua i gcomhlachtaí Gaeltachta i rith na bliana. Nuair a thógtar laghduithe poist san áireamh, feictear glanlaghdú de 6% sa bhfostaíocht ina iomláine. Is in earnáil na turasóireachta agus earnálacha gaolmhara a léiríodh formhór na laghduithe sin.

 

Díol suntais agus dóchais é go bhfuil sé le sonrú sna torthaí sin go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag Údarás na Gaeltachta chun teacht i gcabhair ar a gcuid cliant-comhlachtaí  - ag úsáid na gcistí éagsúla stáit, chun dul i ngleic leis na dúshláin reatha.

 

Cheadaigh an Rialtas maoiniú breise don Ghaeltacht mar chuid den Phacáiste Spreagtha Post i mí Iúil 2020, ina raibh soláthar caipitil €8m breise d'Údarás na Gaeltachta in 2020 chun uasghrádú riachtanach a dhéanamh ar a stoc foirgneamh agus ar chórais chóireála uisce.

 

Mar chuid de cháinaisnéis 2021 tá cistíocht bhreise ar fiú beagnach ceithre mhilliún go leith euro (€4.5m) ceadaithe don Údarás sa bhliain reatha faoin gciste caipitil  - rud a chiallaíonn go mbeidh soláthar caipitil de bheagnach ceithre mhilliún déag go leith euro (€14.5m) ar fáil don Údarás le tabhairt faoina chlár forbartha, fiontraíochta agus fostaíochta agus chun tacú le comhlachtaí Gaeltachta.

 

Ina theannta sin, fógraíodh go raibh ardú de bheagnach trí mhilliún (€3m) ag teacht ar bhuiséad reatha na heagraíochta chun tacú le cúrsaí pá agus pinsin. Is ionann é seo agus buiséad ar fiú beagnach trí mhilliún déag euro (€13m) a bheith ag an eagraíocht sa bhliain reatha dó seo.

 

Lena chois sin tá soláthar méadaithe de €700,000 fógartha dtreo buiséad maoinithe na gComharchumann agus Coistí Forbartha Pobail Gaeltachta  atá faoin stiúir mar fhoras stáit - rud a chiallaíonn go bhfuil buiséad iomlán de €4.75m dó seo sa bhliain reatha.

 

Tá an tÚdarás ag dul i ngleic leis na dúshláin reatha agus ag obair as lámh a chéile le Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí ábhartha eile i rith an ama chun a chinntiú go mbainfidh a chliant-comhlachtaí leas as an raon tacaíochtaí atá ar fáil ón Stát chun brúphointí airgeadais a mhaolú.

Bíonn siad ag obair go dlúth le Fiontraíocht Éireann chomh maith, le cinntiú go bhfuil scéimeanna tacaíochta an fhorais stáit sin ar fáil do ghnólachtaí Gaeltachta go díreach tríd an Údarás. Tá deontais agus dearbháin éagsúla ar fáil chun tacú le pleanáil airgeadais, leanúnachas gnó agus trádáil ar-líne, mar aon leis na cistí maoinithe agus tacaíochtaí eile atá curtha ar fáil ag an Rialtas.

Ina dteannta sin, is féidir le gnólachtaí beaga ar fud na Gaeltachta iarratas a dhéanamh ar an Deontas Atosaithe faoina bhfuil maoiniú breise curtha ar fáil ag an Rialtas tríd na hÚdaráis Áitiúla. Cuidíonn an tacaíocht deontais go díreach do ghnólachtaí beaga leis na costais a bhaineann le hathoscailt agus le hathfhostú tar éis a bheith dúnta de bharr COVID-19.

Is ionann é seo ar fad agus an Rialtas a bheith ag déanamh beart de réir briathair ó thaobh fheidhmiú an ghealltanais sin atá sa chlár Rialtais go dtacófar le hÚdarás na Gaeltachta fostaíocht agus fiontraíocht a chothú sna ceantair Ghaeltachta.

 

Gealltanas sa Chlár Rialtais – Údarás na Gaeltachta

I measc na ngealltanas eile atá sa Chlár Rialtais a bhaineann go sonrach le hÚdarás na Gaeltachta, luaitear go ndéanfar athbhreithniú ar struchtúir fheidhmiúcháin agus rialachais Údarás na Gaeltachta agus ar an bpróiseas roghnúcháin / toghcháin i ndáil le Bord an Údaráis.

Tá obair idir lámha – faoi stiúir an Aire Martin agus an Aire Stáit Chambers - maidir le feidhmiú an ghealltanais sin i dtreo tús a bheith curtha le bearta ábhartha ina leith gan mhoill.

Buiséad 2021

Maidir le cúrsaí airgeadais trí chéile mar a bhaineann sé le réimse na Gaeilge agus nGaeltachta, is fiú a lua gur cheadaigh an Rialtas seo €14.8m breise sa cháinaisnéis d’earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta don bhliain reatha.

 

Fágann sé seo go bhfuil maoiniú iomlán d'os cionn €78m ar fáil anois don Ghaeilge agus don Ghaeltacht i mbliana. Leis an gcistíocht bhreise seo, tá An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, chomh maith le Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta in ann níos mó airgid a dháileadh ar ghrúpaí pobail ar fud an oileáin a bhfuil obair fhiúntach ar bun acu ar son na teanga.

 

Comhoibriú Thuaidh Theas

Tá sárobair ar bun chun úsáid na teanga a chaomhnú agus a threisiú, agus eagraíochtaí ag obair go dian dícheallach ó thuaidh, ó dheas agus go hidirnáisiúnta chun an aidhm seo a bhaint amach.

 

Tá maoiniú breise curtha ar fáil ag an Rialtas ó dheas i mbliana d’Fhoras na Gaeilge chun a chur ar chumas na heagraíochta an Ghaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn ar fud an oileáin.  Déanfar roinnt mhaith den obair díreach tríd an bhForas ach, anuas air sin, tá ceanneagraíochtaí an Fhorais – Conradh na Gaeilge, Gaeloideachas, Gael Linn, Cumann na bhFiann, Oireachtas na Gaeilge agus Glór nan Gael – ag déanamh obair na gcapall ar son na teanga.   

 

Ba iontach an rud é don dá Rialtas agus na páirtithe polaitiúla sa tuaisceart, teacht ar an gcomhaontú Ré Nua, Cur Chuige Nua anuraidh.

 

Leagann sé amach ár dtosaíochtaí maidir le sláinte, oideachas, bonneagar, leasa an phobail, teanga agus cultúr, agus é mar aidhm teacht i dtír ar na ceisteanna is tábhachtaí do phobal an Tuaiscirt.

 

Gan dabht, tá an phandéim tar éis mórán d’ár gcuid ama a thógáil. I mí Eanáir, áfach, reáchtáladh an chéad chruinniú maidir le athbhreithniú ar chur i bhfeidhm an Chomhaontuithe. Cruinniú fíorúil a bhí anseo, agus bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha, An Státrúnaí, An Chéad Aire agus Leas-Chéad Aire, agus ceannairí páirtithe Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann i láthair ag an gcruinniú.

 

Gheall na páirtithe go léir a dtiomantas leanúnach maidir le cur i bhfeidhm  Ré Nua, Cur Chuige Nua.

 

Maidir le teanga agus cultúr, tá soláthar san gcomhaontú maidir le reachtaíocht don Ghaeilge, ag tabhairt aitheantais do na cultúir agus traidisiúin éagsúla sa Tuaisceart. Mar chuid den tiomantas ar chur i bhfeidhm iomlán an chomhaontuithe, tá an Rialtas ag súil go mbeifear in ann an reachtaíocht seo a chur tríd an Fheidhmeannas sa tréimhse romhainn.

 

Tá Rialtas na hÉireann dírithe ar chur i bhfeidhm na dtiomantas a rinneamar maidir leis seo - tionscadail a rachaidh chun leasa an phobail ar fud an oileáin, tríd nasc níos láidre a chruthú idir an Tuaisceart agus an Deisceart, tríd infheistíocht i Réigiún an Iar-Thuaisceart agus i measc na bpobal timpeall an teorainn agus trí thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge sa Tuaisceart ar mhaithe le tacú leis an athmhuintearas ann.

 

 

An Próiseas Pleanála Teanga

Mar is eol do chách, i gcomhréir le hAcht na Gaeltachta 2012, tá próiseas pleanála teanga ar bun faoi láthair sna Limistéir Pleanála Teanga Gaeltachta, sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge faoi láthair.  Tá an próiseas seo ag teacht faoi bhláth anois. Cuireadh soláthar breise de €1.3m ar fáil don phróiseas i mBuiséad 2021, rud a fhágann go mbeidh €5m in iomlán ar fáil don phróiseas i mbliana.  As an fiche sé Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, tá pleananna do scór acu faofa anois agus tá 22 Oifigigh Phleanála Teanga agus Oifigigh Cúnta Pleanála Teanga ceaptha agus ag obair sa phobal. Anuas air sin, tá an chéad Oifigeach Pleanála Teanga a bheidh ag cur plean teanga i bhfeidhm i mBaile Seirbhíse Gaeltachta ceaptha do Leitir Ceanainn le déanaí. 

 

Ceadaíodh Plean Teanga i leith an trí Líonraí Gaeilge, Inis, Cluain Dolcáin agus Baile Locha Riach anuraidh. Tá sé mar chuspóir anois na sé phlean i leith na Limistéir Pleanála Teanga deiridh a cheadú faoi dheireadh na bliana seo. Beidh Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta ag tacú leis na ceanneagraíochtaí agus iad ag cur i bhfeidhm na bpleananna seo agus ag tacú leis an bpleanáil teanga trí chéile. 

 

Polasaí don Oideachas Gaeltachta

Ós rud é go bhfuil cuspóirí comónta idir an próiseas pleanála teanga agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022, tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltacha, Spóirt agus Meáin ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun tacú le feidhmiú an pholasaí sin.

 

Díol suntais agus dóchais is ea é go deimhin go bhfuil beagnach gach ceann den 161 scoil atá lonnaithe sa Ghaeltacht páirteach sa pholasaí. Chuige sin, tá Roinn na nAirí Martin agus Chambers ag cur airgid suntasaí isteach i Scéim na gCúntóirí Teanga agus i gClár na gCluichí Gaelacha chun a chumasú do gach scoil atá páirteach sa scéim tacaíochtaí breise a chur ar fáil dá gcuid daltaí.

 

Seirbhísí Stáit i nGaeilge

Tá sé thar a bheith tábhachtach don phróiseas pleanála teanga go mbeadh seirbhísí stáit ar fáil as Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh muid ag tabhairt aghaidh ar seo ar bhealadh córasach, céimiúil le taighde taobh thiar de. Dar ndóigh, is é príomhchuspóir Bhille na dTeangacha Oifigiúla atá ag Céim an Choiste fao láthair ná Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a leasú,  d’fhonn soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú. Beidh sraith forálacha mar chuid lárnach de na hiarrachtaí seo agus é mar aidhm leo líon na gcainteoirí Gaeilge a earcófar chuig an tseirbhís phoiblí a mhéadú. Féachfar, leis an mBille,  go mbeidh fiche faoin gcéad (20%) de na hearcaigh nua chuig an tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge. 

 

Anuas air sin, tá sé i gceist coiste reachtúil, An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, a bhunú chun tacú leis an obair seo. Leagtar amach feidhmeanna an Choiste seo sa Bhille, lena n-áirítear Plean Náisiúnta a fhoilsiú ar mhaithe le soláthar seirbhísí poiblí trí mheán na Gaeilge a mhéadú. Ullmhóidh an Coiste Comhairleach Plean Náisiúnta chun seirbhísí poiblí a sholáthar trí Ghaeilge agus tabharfaidh sé comhairle do chomhlachtaí poiblí faoin gcaoi ina bhféadfar seirbhísí trí mheán na Gaeilge a sholáthar.

 

Beidh an plean i bhfeidhm ar feadh sé bliana agus cuirfear an tAire, an Coimisinéir Teanga agus an Rialtas ar an eolas go rialta faoin dul chun cinn i bhfoirm tuarascálacha.  Beidh leibhéal trédhearcachta nua ar fáil dá bharr seo i dtaca le foireann ag a bhfuil inniúlacht i nGaeilge a earcú chuig an tseirbhís phoiblí.

 

Ní mór a lua, mar sin, go bhfuil an Rialtas ag tabhairt aghaidh agus spriocdhátaí ar sheirbhísí Stáit agus earcaíochta tríd an mBille seo. Má táimid chun é seo a dhéanamh i gceart, glacfaidh sé am.  Caithfear é a dhéanamh ar bhonn pleanáilte agus tá an tionscnamh atá leagtha amach sa Bhille nua ag croí-lár na pleanála teanga, dá bharr. Don chéad uair riamh, beidh an Roinn atá freagrach as chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i lár an aonaigh mar a bhaineann sé le hearcú daoine le Gaeilge don Státchóras. Is deis í seo don Rialtas na struchtúir cuí a bhunú le dul i ngleic leis an fhadhb seo ar bhonn córasach anois agus tá i gceist againn greim a fháil ar an deis sin agus í a úsáid. 

 

An Ghaeilge san AE

Bá mhaith liom díriú anois ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach.  Agus muid ag ceiliúradh an teanga, tá sé iontach go bhfuil muid in ann deiseanna fostaíochta d’ardchaighdeán a chruthú i gcroílár na hEorpa.

 

Tá sé an-tábhachtach do Rialtas na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus tá muid tiomanta do dheireadh a chur leis an maolú ar a húsáid iontu.  Tá geallta sa Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go dtabharfadh Rialtas na hÉireann gach tacaíocht agus cúnamh don Aontas Eorpach chun an cinneadh maidir leis an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas a chur i bhfeidhm.

 

Mar aon le gach teanga, tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid i measc na nglúnta atá le teacht inár ndiaidh.  Sa chomhthéacs seo, ba chinneadh rí-thábhachtach don Ghaeilge é deireadh a chur leis an maolú i 2022.  De bharr an chinnidh seo, tá deiseanna ar fáil do chainteoirí Gaeilge san Eoraip, áit a mbeidh fostaíocht d'ard-chaighdeán ar fáil dóibh.  Tá an sprioc sin beagnach linn anois, agus is cúis áthais dom go raibh 138 duine ag obair le Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha ag tús na bliana seo.

 

Dóchas

Agus muid ag breathnú chun tosaigh, is gá dúinn ar fad a aithint go bhfuil údar suntasach dóchais ann. Dá dheacra agus dá dhúshláiní an ré ina bhfuilimid ar fad ag maireachtáil faoi láthair tá dóchas ós ár gcomhair amach ag bun na spéire. Déantar rianú ar an gcosán chun tosaigh sa phlean nua maidir le COVID-19 a foilsíodh an tseachtain seo caite.

De bhar na hoibre atá ar bun faoi láthair ó cheann ceann na tíre maidir le dáileadh na vaiscsíne, beidh sí faighte ag níos mó agus níos mó daoine de réir mar a théann rudaí ar aghaidh - pobal na Gaeilge agus pobal na Gaeltachta san áireamh, dár ndóigh.

De thoradh sin, agus gach rud eile atá ar bun againn mar phobal, ní fada uainn mar phobal, laethanta níos fearr.

 

Go raibh maith agaibh.